2012-11-01

Nasrúidín agus an Scoláire

Tharla gur thug Nasrúidín scoláire mór le rá ar turas báid uair amháin. Bhí mionchomhrá éigin ar siúl eatarthu nuair a bhris an scoláire isteach air:
‘Níl aon chruinneas ceart ag baint le do chuid cainte, a dhuine! An duine nach ndéanann staidéar ar chúrsaí gramadaí tá leath dá shaol curtha amú aige.’

‘An mar sin é?’ arsa Nasrúidín. ‘Cogar, an bhfuil snámh agat?’

‘Níl,’ arsa an scoláire.

‘Tá do shaolsa ar fad curtha amú agat mar sin: tá poll sa bhád ...’



Cóipcheart Gabriel Rosenstock & an Foilsitheoir 2012

Nasrúidín
Athinsint le Gabriel Rosenstock
Léaráidí le David Kearney
Coiscéim 2005

Ríomhleabhar Original Writing 2012: