2013-01-31

Achainí: Thiruchchelvam Thirukumaran (Thiriu)

Faighte ar r-phost ó Antain Mac Lochlainn:

A chairde
Tá súil agam nach miste libh mé gar a iarraidh oraibh. Tá mé ag scríobh chugaibh mar gheall ar chás Thiruchchelvam Thirukumaran (Thiriu), file agus iriseoir as Srí Lanca atá ag fanacht le trí bliana i dtithe lóistín do theifigh in Éirinn, fad is atá a iarratas ar chosaint choimhdeach (subsidiary protection) á phróiseáil ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tá míniú cuimsitheach ar chás Thiriu sa litir leis seo, agus tá aistriúchán Gaeilge ar dhán leis faoi bhun na teachtaireachta seo. Is leor a rá gur fear é Thiriu a d’fhulaing cuid mhór, idir champaí géibhinn, chéasadh agus deoraíocht.



Tá cairde Thiriu ag éirí buartha faoin mhoill mhór atá ar Rialtas na hÉireann an cás a réiteach nó fiú amháin comhfhreagras a fhreagairt. Tá siad anois ag iarraidh ar fhilí, scríbhneoirí agus ar iriseoirí na tíre seo cuidiú leis agus a n-ainm a chur le hachainí a sheolfar chuig an Aire Alan Shatter, TD. Is é atá mé ag iarraidh oraibh a dhéanamh:



  • An litir a léamh agus, má tá tú toilteanach d'ainm a chur leis an achainí, nóta a chur chugam ag an seoladh seo le cead a thabhairt dúinn sin a dhéanamh. Chuideodh líne eolais chomh maith, m.sh. 'Eoin de Brún, iriseoir. eoin@irishexaminer.ie.
  • An scéal a scaipeadh i measc scríbhneoirí, iriseoirí agus ealaíontóirí eile - tá an litir curtha ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. (Lean na nascanna)


Seo thíos sampla de shaothar Thiriu. Foilsíodh é ar Comhar, Eanáir 2013.


Is ann duit in áit éigin
Is ann duit in áit éigin, tá a fhios agam sin;
braithim uaim thú agus maireann fós
rian an allais ar na léinteacha
a bhíodh ort is tú ag obair
is atá anois ar crochadh ar chrúca éadaigh.

An scread úd a lig mé asam
tá sí fós ar an aer
in achan áras cónaithe riamh.

Bhí do mhac do d’iarraidh ar maidin.
Cad é mar a thig liom a mhíniú dó
mar a tugadh as thú?

D’imigh blianta thart.
Am agus an neach daonna
ag treabhadh ar aghaidh
ionas nár tharla a dhath.

Ba mhinic é ag súgradh i d’ucht
agus bhí sé ar an ealaín sin liomsa
ag léimnigh is ag marcaíocht
tráthnóna beag aréir.

Idir an t-am atá caite i d’éagmais,
agus na smaointe dofhulaing,
shíl mé a rá leis gur imigh a athair
faoi choimirce Dé.
Ach ní bhfuair mé ionam riamh
sin a rá amach óm’ chroí.

Agus a oiread sin oícheanta imithe thart
ag iarraidh barróg a bhreith ar neamhní
ag iarraidh greim a fháil ar lámh
is gan an lámh a bheith ann.

Ghlac mé comhairle na mban feasa;
shiúil mé na campaí airm go léir
in achan aird den chompás
ar achan taobh dár mbaile.
Ag rith i ndiaidh na ngluaisteán
seal ag sodar, seal i mo sheasamh,
gur phill mé ar ár dteach féin
is mé sáraithe.

Níl ach doras amháin nár thriail mé
le linn dom bheith do do thóraíocht:
b’in doras na síoraíochta.
Creid mé.


Is eol dom
nach bhfeicfidh mé thú
i gceo bóthair an tsaoil seo.
Ach tá a fhios agam i mo chroí istigh,
Gurb ann duit in áit éigin