2013-01-12

Machnamh ar chúrsaí féiniúlachta

Leabhar faoi chlúdach bog. Níl sé sin chomh maith leis an bhfocal ‘paperback’, an bhfuil? Níl sé sách gonta. Braithim nach téarma ceart in aon chor é, nach focal úsáideach é ar nós ‘paperback’ ach é mar a bheadh cur síos ann. Ní bheidh sé go deo mar chuid den ghnáthchaint. Ach cad is gnáthchaint ann?

Ar aon nós, cheannaíos leabhar faoi chlúdach bog le déanaí. I bPáras a foilsíodh é den chéad uair, sa bhliain 1998, faoin teideal Les Identiés meurtrières. Amin Maalouf an t-údar. On Identity teideal an leagain Bhéarla de. Ní hé gach éinne a chuireann spéis i gcúrsaí céannachta nó i gcúrsaí féiniúlachta. Más de chúlra measctha thú, cuirfidh tú spéis i gcúrsaí féiniúlachta luath nó mall agus is de chúlra an-mheasctha é Maalouf sa mhéid gur de mhionlach Críostaí i ndomhan Arabach é.

Tráth den saol bhí Éire aonchineálach a bheag nó a mhór. Má ba Lochlannaigh, Normannaigh nó Sasanaigh iad do shinsir romhat ní rabhais ag seasamh amach rómhór dá dheasca sin – Éireannach nó Gael ab ea thú. Tá Éire ilchineálach le tamall anuas. Is dóigh liom go bhfuil glactha againn cuid mhaith leis an ilchineálachas seo, ar an taobh ó dheas den teorainn ar aon nós. (Tá cónaí ar iníon liom sa Trasalváin agus n’fheadar conas a mhínigh sí dá comharsana thall conas go raibh ar 115 Róma tearmann a lorg i séipéal i mBéal Feirste theas i mbliain seo ár dTiarna 2009).

Ceann de na deacrachtaí a bhaineann le téama den sórt seo a phlé is ea an téarmaíocht, ar ndóigh. Cuir i gcás an nath Béarla, ‘a sense of identity.’ Cén Ghaeilge a chuirfeá air sin? Bhuel, is cosúil go bhfuil dhá shlí chun é a rá, ‘mothú ionannais’ agus ‘mothú sainiúlachta’. Anois, tá mearbhall orm, caithfidh mé a rá. Chonaiceamar thuas go bhfuil dhá fhocal (ar a laghad) ann a sheasann do ‘identity’ an Bhéarla, is é sin ‘céannacht’ agus ‘féiniúlacht’. Ach nuair is gá ‘a sense of identity’ a rá, féach nach bhfuil ceachtar den dá fhocal sin in úsáid: tarraingíodh dhá fhocal eile isteach, ‘ionannas’ agus ‘sainiúlacht’. Munar féidir glacadh le haon téarma amháin ní dhéanfaimid aon dul chun cinn agus beidh mearbhall ionannais, sainiúlachta, céannachta agus féiniúlachta orainn go léir.

D’fhág Maalouf an Liobáin sa bhliain 1976 agus chuir faoi sa Fhrainc. Ba san Arabais a léigh sé Dickens agus Dumas agus Gulliver’s Travels agus é ina gharsún. Leath-Fhrancach agus leath-Liobánach é mar sin, ab ea? Fastaoim, a deir sé. Ní féidir an fheiniúlacht a roinnt ná a bhriseadh síos mar sin. Aon fheiniúlacht amháin atá aige, a deir sé, seachas féiniúlachtaí éagsúla. Pointe spéisiúil.

Is dóigh le Maalouf go mbíonn brú ar dhaoine a bhféiniúlacht bhunúsaíoch a chur in iúl na laethanta seo, bíodh sé sin bunaithe ar chúrsaí creidimh, ar chúrsaí náisiúnta, ar chúrsaí eitneacha agus aroile agus nuair a aimsítear a leithéid go ndéantar gaisce mar gheall air. Luann sé, abair, an duine a rugadh i mBéalgrád a raibh máthair Sheirbeach aige agus athair Crótach, nó an Hútú atá pósta ar an namhaid, an Tutsi, nó an Meiriceánach ar fear gorm é an t-athair agus Giúdach í an mháthair.

Níos cóngaraí don bhaile: an bhfuil féiniúlacht Eorpach ag teacht chun cinn anois? An mbraitheann na Bascaigh, na hAlbanaigh an tEorpachas seo nó an bhfuilid níos Bascaí, níos Albanaí ná riamh? Tá an-spéis ag Maalouf i gcúrsaí coiriúlachta agus i gcoireanna atá á ndéanamh in ainm na féiniúlachta. Bí ag faire ar an nuacht anocht agus bí ag smaoineamh ar an bhfocal ‘féiniúlacht’ go bhfeicfidh tú.

Tuigeann sé go bhfuil domhandú cultúir ag cur brú ar dhaoine agus d’fhéadfadh an brú sin dul i dtreonna difriúla – a bhféiniúlacht á fágáil ina ndiaidh ag daoine áirithe nó í á brú rómhór chun cinn ag daoine eile. Agus an cheist mhór, ar ndóigh, ná cad is brí le domhandú cultúir? Cultúr an Iarthair ag scaipeadh ar nós an diabhail, ar ndóigh. Cathain a tharla sé, n’fheadar? Cathain a thosnaigh an leathnú amach sin? Sa chúigiú haois déag? Chonaic mé clár teilifise le déanaí a léirigh anoiricse ar chailíní na hIndia agus iad ag déanamh aithrise ar mhainicíní an Iarthair.

Iartharú seo an domhain cruthóidh sé go leor fadhbanna fós. Beidh tíortha ann agus braithfidh siad gur cultúir theipthe is ea iad i gcomparáid leis an domhan ‘forbartha’. Beidh drochmheas ag na daoine sin ar a gcóras traidisiúnta leighis mar go ndeir dochtúirí an Iarthair leo nach bhfuil ann ach piseogacht; déanfaidh siad dearmad ar a gcuid scoláirí, a gcuid saighdiúirí, a gcuid naomh, a gcuid filí, a gcuid taistealaithe etc. mar nár chuala muintir an Iarthair aon trácht orthu, ergo níl aon mhaith iontu.

Deir Maalouf go bhfuil muintir na Fraince, nó cuid díobh, le ceangal mar gheall ar an Meiriceánú atá ar siúl ina measc. Cuireann siad a mallacht, a deir sé, ar Hollywood, ar CNN, ar Disney, ar Microsoft agus cíorann siad na nuachtáin ó chlúdach go clúdach agus samplaí á lorg acu de thruailliú teanga nó Angla-Mheiriceánú. (Mheabhróidís athbheochantóirí na Gaeilge dhuit, ar shlí, nó an dream a bhí naimhdeach in aghaidh an Bhéarlachais).

Féachaimse an-mhinic ar an stáisiún nuachta France 24. Faighim léargas eile uaidh agus is minic go mbíonn díospóireachtaí éirimiúla ar siúl ag na láithreoirí le comhfhreagraithe ar fud an domhain. Feictear dom go bhfuil meas ar an intleacht sa Fhrainc (an bhfuil rud éigin san uisce?) agus meas ar aclú na hintleachta nach bhfaightear chomh coitianta sin in Éirinn. B’fhéidir go bhfuil na Francaigh níos fearr ná sinne chun smaointe casta teibí a chur i bhfocail. Seans go bhfuil cuid den bhua sin pioctha suas ag Maalouf.

Mar shampla, deir sé go bhfuil dhá oidhreacht ag gach duine sa lá inniu. Tá an oidhreacht ‘ingearach’ ann. Tagann an oidhreacht ‘ingearach’ anuas chugainn ónár sinsir, ón gcreideamh agus ó nósanna agus traidisiúin an phobail; ach tá oidhreacht ‘chothrománach’ ann chomh maith agus is ónár gcomhaimsearaigh agus ón aois ina mairimid a fhaighmid an oidhreacht áirithe sin.

Tá rudaí spéisiúla le rá aige faoi chúrsaí teangacha. D’fhéadfá Eabhrais, Arabais, Iodáilis agus Sualainnis a labhairt, cinnte, ach ní fhéadfá a bheith id Ghiúdach, id Mhoslamach, id Chaitliceach agus id Phrotastúnach san am céanna! Tá Maalouf go láidir ar son chearta teanga. Caithfimid a bheith an-airdeallach, a deir sé, le cinntiú go bhfuil cearta teanga ag cách. Is dóigh leis go bhfuil an ceart sin níos tábhachtaí ná saoirse creidimh fú amháin.

Ní mór dúinn ár gcaidreamh le teangacha eile a neartú, a deir sé. Aontaím ar fad leis sin. Ní mór dúinn an t-ilteangachas a neartú in Éirinn chomh maith. Níos luaithe i mbliana nuair a bhí pleidhcí ag teacht go dtí an doras ag lorg mo vóta, mheabhraíos dóibh go raibh na céadta teangacha aitheanta ag na cúirteanna in Éirinn, gur tír ilteangach is ea sinn agus gur cuid d’Eoraip ilteangach is ea sinn agus cén fáth gur i mBéarla amháin a bhí na bileoga suaracha acu.

Ag caint ar an Eoraip, b’fhearr le Maalouf go mbeadh Frainciseoirí ar Gearmánaigh iad agus Gearmáiniseoirí ar Francaigh iad ag caint lena chéile ná go mbeadh an Béarla mar bhonn leis an gcaidreamh Gearmánach-Fhrancach. 

Tá an Béarla riachtanach, dar leis, ach ní leor é.