2013-05-17

Cás na tíre

Uaireanta is gá focal a chumadh nó fanacht go foighdeach go dtí go dtagann www.focal.ie ar réiteach éigin agus sa chás seo is é 'ghost estate' a bhí ag déanamh scime dhom. Bhí dán neafaiseach scríofa agam dar teideal A Ealaí, faoi ealaí agus a n-eitilt. Ní rabhas sásta leis ná baol air. Bhain sé le réimse na samhlaíochta amháin, liomsa amháin a bhain sé. Ach braithim go bhfuil dualgas orainn mar fhilí cás na tíre a iniúchadh chomh maith lenár gcás féin. An tagairt mar sin do na scáileastáit a chuireann an dán i gcomhthéacs ar linne:


A Ealaí

Tugaigí libh ar bhur n-aistir bhána
mo mhianta is m’aislingí uile
is iad measctha le bhur mianta is bhur n-aislingí féin
greadaigí bhur sciatháin théagartha
sa bhfolús
imígí
imígí libh os cionn scáileastáit Éireann
ná féachaigí oraibh féin i bpánaí briste
imígí
as radharc mo mhianta
as raon m’aislingí is m’eolais
bhur scrogall sínte!