2013-05-14

Haiku Takarai Kikaku (1661-1707)

thall is abhus
froganna ag grágaíl san oíche
réaltaí ag lonrú

Bhí spiorad an haiku ag an seandream, gan aon agó. An ceangal diamhair idir neamh is talamh anseo againn, froganna is réaltaí.

sprais samhraidh –
bean ina suí léi féin
ag stánadh amach


Haiku nó senryu? Is mó an cur síos ar dhaoine sa senryu seachas ar an dúlra. Cén aois í? Cad iad na smaointe atá aici, na smaointe nó na mothúcháin a spreagann an sprais sin inti?

nach álainn í an ré!
scáileanna na ngiúiseanna
ar na mataí

Is iontach go deo an meas atá ag an Seapánach ar na giúiseanna. Dá ndéarfaí leis go rabhamar ag smaoineamh ar ár n-acmhainn nádúrtha, Coillte, a dhíol agus go raibh iar-Thaoiseach, Bertie Ahern, laistiar den phlean seo, bheadh fonn harakiri  air, 腹切り,is é sin a phutóga a ghearradh amach. Ach ligimis do Takarai Kikaku íomhá níos deise ná sin a fhágáil againn:        

os cionn na mara
bogha síne glanta
ag scata fáinleog