2013-06-07

Sióga, Filí, Gaeil agus Mionlaigh eile nach iad

Aimsir Ársa
Cathal Ó Searcaigh
Arlen House a d’fhoilsigh
Ian Joyce a mhaisigh
ISBN 978 -1- 85132-046-2

Bhrisfeadh sé éinne eile, an scannán a deineadh faoin Searcach agus go grod ina dhiaidh sin géarleanúint ghraosta na meán lathaí, na doirse go léir a dúnadh de phlab air . . . ach is amhlaidh atá an Searcach agus a shaothar níos tathagaí ná riamh i bhfianaise na sárleabhar a tháinig óna pheann le tamall de bhlianta anuas, Gúrú i gClúidíní (CIC 2006), na cuimhní cinn Light on Distant Hills (Simon & Schuster, 2009) agus an dá chnuasach filíochta a d’fhoilsigh Arlen House, An tAm Marfach ina Mairimid (2011) agus Aimsir Ársa (2013). Is ar Aimsir Ársa a bheidh mé ag díriú san aiste seo.
Mar chosaint ar an ionsaí a deineadh ar a cháil, d’fhéadfá a rá gur chúb an Searcach isteach ann féin ach ní teitheadh ab ea é sin ach a anam is a dhúchas mar fhile agus mar Ghael a athaimsiú agus a athmhúnlú. Sa leabhar seo tá toradh ealaíonta a fhéintaighde á roinnt aige linn go fial. Thréig daoine áirithe é ach má thréig, féach! –  as duibheagán an ama agus an spáis, chruinnigh a chairde go léir timpeall air. Agus cé hiad sin, a deir tú? Lí Pó, cuir i gcás. Nach caoin cairdiúil an comhrá seo eatarthu:

Tá mé san aois sin anois,
ré na seanaoise
go dtig liom mo chomhrá
a dhéanamh leatsa, a mhian,
thar dhuibheagán na gcianta …

Mé i mo shuí ag ól fíona
amuigh faoin spéir
oíche shoiléir i dtús an fhómhair –
do leabhar os mo chomhair …
(as Labhraim le Lí Pó)

Binneas! Milseacht! Séimhe na Sean-Síneach, draíocht an Dao. Fíon seachas fínéagar. Fíon na filíochta. Milseacht a fáisceadh as fulaingt. Lí Pó (no Lí Bai) agus  Gúrú na gCnoc, mórfhilí i gcuideachta a chéile agus is mór an phribhléid dúinne cúléisteacht a dhéanamh ar a n-allagar neamhaí. Is maith a thuig Lí Pó ‘saol na trioblóide, saol na brionglóide’.
Ní hé seo an chéad uair don Searcach filí ón anallód a ghairm chuige féin as aer. Is cuimhin liom go maith i gcomhluadar Óivid é, nuair a chéadbhraith Cathal ar deoraíocht ina thír féin é. Tarlaíonn sé. Tarlaíonn a leithéid d’fhilí. Níl le déanamh ach breith ar an bpeann agus an bheatha a mhóramh:

Móraim an bláth seo
a bhláthaíonn i bpian
i dtalamh righin mo ghairdín
is a thugann a aghaidh
go lúcháireach ar an ghrian . . .
( as Lus na Gréine)

An bheatha a mhóramh, an ghrian a mhóramh, an solas a mhóramh, an teanga a mhóramh, an grá a mhóramh. Níl éinne níos fearr chuige:

Ní san aigne amháin
atá do chuimhne i dtaisce
ach ar fud fad mo cholainne …

Déarfadh daoine áirithe, b’fhéidir, i ndiaidh ar tharla dó, gur cheart dó a chlab a dhúnadh anois agus gan a bheith ag scríobh faoi bhuachaillí a thuilleadh. Fastaoim! Ligean do scannán é a chur ina thost, ab ea? Ligean d’iriseoirí is lucht biadáin é a chloí? Tá dánta ómóis anseo aige faoi Éireannaigh cháiliúla ar homaighnéasaigh iad, Mícheál Mac Liammóir agus Ruairí Mac Asmaint [recte Mac Easmainn], abair. Tuigimis an méid seo: guth dochloíte é guth an tSearcaigh, guth seo a ghairme is a anama, guth síoraí, guth na filíochta, guth na Gaeilge, guth na fírinne, guth na háilleachta. Tá daoine ann a chuirfeadh ainm Chathail in áit Antinous sa dán aige den teideal sin:

Antinous na hÁilleachta! Antinous na Grástúlachta!
Sa cháil sin buan beo a bheas sé anois agus go deo.
Sa staid dhiaga úd, fiú mura bhfuil ann ach samhail,
buanóidh sé ar feadh na síoraíochta
ionas nach dtig leis an bhás, fiú amháin, díobháil
a dhéanamh dó nó a chur ó dhealramh . . .

Sea, is saghas déithe iad na mórfhilí, gan amhras. (Sa bhliain 1793 d’fhógair creideamh dúchasach na Seapáine, Sinteo, an máistir haiku Basho ina dhia).
 Ní milseacht agus móramh ar fad é Aimsir Ársa, áfach. Seachain fíoch an fhile! (Léigh an dán ar lch 30-31). Filleann an feall. Tríd is tríd, áfach, an móramh seachas an cáineadh an nóta is treise in Aimsir Ársa. Agus tá tréith eile fós ann, is é sin sceitsí iontacha á dtarraingt aige den áit ina bhfuil sé ag cur faoi agus tochailt déanta aige go dtí an gheografaíocht shíceach, i bhfocail eile an leibhéal sin den tírdhreach nach nochtar don chuairteoir lae, Éire mar a fheictear do leithéidí Michael Dames í in Mythic Ireland, cuir i gcás, an Éire sin a bhfuair John Moriarty spléachadh uirthi, deinim amach, an Éire sin dá mbeadh sí feicthe ar feadh nóiméid ag forbrórí is ag baincéirí go mb’fhéidir nach mbeadh sí leonta acu mar atá.  
    Na Bailte Bánaithe an teideal atá ar an dara cuid den leabhar seo agus tá a fhios agam ó bheith ag caint le roinnt de mo chomhfhilí gurb iad na dánta seo is mó a rachaidh i bhfeidhm ar go leor léitheoirí. Nach bhfuil leath na tíre bánaithe – arís! Dúirt mé i dtosach na haiste seo gur fhill Cathal ar a fhréamhacha sa leabhar seo chun uchtach agus cothú a lorg, rud a dhein, ach is dánta coscracha iad na dánta sa rannóg seo agus meabhraíonn siad dúinn go bhfuil teipthe ag an Stát seo an Ghaeltacht agus an teanga a chosaint mar is ceart. An cumha atá sna dánta seo, is maith mar a thuigfeadh Lí Pó, Dú Fú agus filí eile ón Ríora T’ang é agus seans maith gurb iad Sínigh na ré órga sin a spreag an Searcach chun súil chumhach a chaitheamh ar a chomharsanacht féin:

Tráthnóna idir an dá sholas
tchím iad ag taibhsiú chugam
as ceo folaigh na nglúnta.

Mo sheanathair, muintir
mo mhuintire, tchím iad
ag obair amuigh faoin spéir,

na fir ag buain i gcuibhrinn
nach bhfuil ann níos mó,
na mná ag blí na mbó

i mbuaile gréine na Míne
na páistí ag déanamh folachán
i measc stucaí agus síogán ….

(as Na Bailte Bánaithe)


Dán máistriúil amach is amach is ea Na Bailte Bánaithe, é ina cheithre chuid. Tá na Gaeil in ann an cumha a láimhseáil, mise á rá leat (pace Hallaig le Somhairle Mac Gill-Eathain). Ní bheadh Sasanach in ann é a dhéanamh chomh maith céanna. Ní bheadh an teanga aige chuige, ar ndóigh. Cloisimse ceol osnádúrtha sna línte thuas agus sin an chúis is mó go seasann Cathal amach mar dhuine de mhórfhilí an domhain – a chluas is a chroí ag teacht le chéile go feillbhinn. Tá an ceangal sin briste i gcás a lán lán d’fhilí an domhain ‘fhorbartha’ agus an pobal tar éis iad a thréigean dá dheasca sin. 
Má tháinig Lí Pó agus Óivid i gcabhair air, níor lig a sheanmhuintir síos é ach an oiread:
Le gach anáil dá dtarraingim
mothaím ag éirí iad ina nduine
is ina nduine as mínte m’aigne …


Ach, ar ndóigh, níor lean Cathal béasa a shinsir agus sa mhachnamh macánta a dhéanann sé ar a chás, admhaíonn sé nach bhfuil sé in ann iad a leanúint:

mise nár thóg claí, nár threabh gort,
nár ghin mac nó iníon dár ndúchas,
dár gcineál. Is bocht liom mo chás

iad a fhágáil anois gan oidhre óg
is fód mo dhúchais ag gabháil seasc
i Mín na bPoll, i bProchlais is i Mín na gCopóg …

Bhí sé riamh in ann leas aoibhinn a bhaint as logainmneacha, mar is eol dúinn, ach anois is cuid de liodán éifeachtach bróin iad na hainmneacha céanna. Smaoinigh ar an dochar uafásach a dhein galldú na logainmneacha in Éirinn agus smaoinigh go bhfuil an galldú sin ag tarlú i gcónaí; cuir tú féin i mbróga an fhile anois agus é ag éisteacht leis na fámairí sa dúiche aige, iad
                                            
Ag déanamh iontais
den tsleán, den speal, den tseisreach.

Iad ag béarlóireacht
go teanntásach,

beag beann ar gheaftaí,
beag beann ar Ghaeilic.


 Cogadh an teideal atá ar an tríú rannóg den leabhar fíorshuaithinseach seo ina leathann Cathal a chanbhás amach chun cur síos a dhéanamh ar staid fhuilteach an domhain faoi láthair. Sé chuid atá sa dán corraitheach Cailín, Cúig Bliana Déag, as Baghdad ag Inse a Scéil agus ba mhaith an cleas é an cogadh a fheiceáil trí shúile déagóra. Nár bhreá leat cailíní scoile na hÉireann a shamhlú agus an dán éachtach sin á léamh acu, nó, go deimhin, cailíní ar fud an domhain agus an port seo ag gach duine acu i ndiaidh a léite dóibh, nach bpósfadh siad fear troda go deo. Chuirfeadh sé sin stop le cogadh, stop gairid ar aon nós. Ní inniu ná inné a thosaigh an chogaíocht agus tagraíonn ár gcairde, filí an Ríora T’ang, go minic di – ‘gorm é deatach an chogaidh, bán iad cnámha an duine,’ a deir Dú Fú.
An Saol Eile a thugann sé ar an gceathrú cuid den leabhar seo agus éinne a léigh a chuimhní cinn, tuigfidh sé gur saineolaí ar an saol eile ab ea a mháthair. Níor bhuaileas léi ach uair amháin; b’fhéidir go ndéanfaidh mé comhrá ceart léi lá breá éigin amach anseo, beannacht Dé léi agus beannachtaí na sióg:

Ó chaill siad a dtiarnas
os cionn talaimh
tá siad dulta ó shúil
an daonnaí, ina gcónaí
ansiúd ar an uaigneas
idir an dá sholas
ina ndúnáras rúin
i lúb na locha …
(as Bean a bhFuil an Galar Dubhach Uirthi ag Caint ar na Sióga)

Táid ann ar ndóigh agus go rábach, na daoine maithe, agus ní bhainfinnse dá gcáil go deo ach i gcomhthéacs an leabhair seo d’fhéadfá a mhaíomh go seasann siad do mhionlach ar bith, filí, homaighnéasaigh, Gaeil. Murach go rabhadar róchliste dó mar shlua sí, is dócha go mbeidís carntha i sluachampa géibhinn fadó ag Hitler!
     An cúigiú cuid den leabhar seo, An tEaragal, is dán fada é ina chúig chuid is fiche, an paeón is breátha ar fad, is dócha, i nuafhilíocht na Gaeilge. Tá an tseanphágántacht linn i gcónaí, buíochas mór le Dia na Glóire:

Ár gcuradh réidh,
sciath ghealaí i do dheis
sleá gréine i do chlé.

I do cholgsheasamh
agus faoi riastradh,
ní baol dúinn an anachain,

Agus tú sa bhearna bhaoil,
a fhir ghnímh,
a Mhic an Eargail . . .