2013-06-11

Tuairimí á lorg ag Foras na Gaeilge faoi léitheoireacht leabhar i nGaeilge

Tá sé fógartha ag Foras na Gaeilge go bhfuil tús á chur acu le comhairliúchán poiblí faoi léitheoireacht leabhar i nGaeilge. Tá an cháipéis chomhairliúcháin ina bhfuil moltaí faoi bheartais leis an léitheoireacht a chothú le fáil ar láithreán gréasáin Fhoras na Gaeilge.

Beidh Foras na Gaeilge ag tabhairt faoi straitéis nua léitheoireachta sa bhliain 2014. Cuirfear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí seo san áireamh nuair a bheidh an straitéis sin á cur le chéile.
 
Is as Comhdháil faoin Léitheoireacht a d'eagraigh Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2012 a d'eascair na moltaí atá sa cháipéis.  Tugadh faoin gComhdháil sin a eagrú chun léargas a fháil ar staid reatha earnáil na leabhar in Éirinn agus thar lear. Is ar bhealaí leis an léitheoireacht a chothú i gcoitinne atá na moltaí dírithe, ach baineann go leor de na moltaí le cúrsaí foilsitheoireachta chomh maith.
 
Dúirt Caitlín Uí Mhéalóid, Stiúrthóir Gníomhach Chlár na Leabhar Gaeilge, go bhfuil súil aici go dtapóidh eagraíochtaí litríochta agus daoine aonair an deis seo le bheith páirteach san athbhreithniú seo ar chúrsaí léitheoireachta.
 
"Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an t-infreastruchtúr cuí ann le i bhfad níos mó daoine, idir óg agus aosta, a spreagadh le bheith ag ceannach agus ag léamh leabhair Ghaeilge amach anseo," a dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. "Baineann na ceisteanna seo le léitheoirí, foilsitheoirí, scríbhneoirí, tuismitheoirí, múinteoirí, leabharlannaithe, lucht díolta leabhar agus léirmheastóirí, agus le heagraíochtaí ealaíon agus litríochta. D'fháilteoimis roimh a dtuairimí siúd ar fad faoi na beartais atá á moladh sa cháipéis chomhairliúcháin."

Is féidir an cháipéis chomhairliúcháin a íoslódáil ó láithreán gréasáin Chlár na Leabhar Gaeilge (www.gaeilge.ie) nó is féidir cóip di a fháil sa phost ach glaoch ar oifig Chlár na Leabhar Gaeilge. Is féidir le daoine a dtuairimí a nochtadh faoi na moltaí ar fad atá sa cháipéis, nó is féidir leo díriú ar réimsí agus ar mholtaí ar leith.
 
Glacfar le haighneachtaí agus le haiseolas ón bpobal (ar ríomhphost nó sa phost) go dtí Dé hAoine, 28 Meitheamh 2013.

Tuilleadh eolais: www.gaeilge.ie (Clár na Leabhar Gaeilge)
Ríomhphost: leabhar@forasnagaeilge.ie
Guthán: 046-9430419

Clár na Leabhar Gaeilge,
Foras na Gaeilge,
Ráth Chairn,
Áth Buí,
Co. na Mí