2013-10-04

Sonia Sanchez: Haiku Gorma


lig dom bheith im dhí-
seart duit im ghaoth duit
dod shéideadh an lá ar fad

mise tusa i ngrá
lem scáil féin ag breathnú
ar fhéileacán iarnóna

cosa fásctha timpeall ort
ceamara. aicsean. seat teann.
ní athchraoladh é  seo

bhfuil fógra ar cíos
ar mo thóin? Níl cearta críche
ar bith agat anseo

nuair a déarfaimid slán
bíodh do theangasa im bhéal
ag damhsa heileo

ró-shleamhain
dom. ní thig liom tú a choinneáil
fada teann. níl dóthain oícheanta ann

Ar an suíomh idirlín Terebess Asia Online a fuarthas na haiku a leanas de chuid Sonia Sanchez:

trí thine ag do bhéal
anois ba mhaith leat go slogfainn
an t-aigéan

measctha leis an lá leis an ngrian
cromtha sa chré iompraím
i m’abhainn dhorcha thú

mise mé féin
faic ceilte síoda dubh amháin
os cionn dhá ghlúin

m’aghaidh cholmnach
do theacht is d’imeacht
breá réidh

racht gáire uait is mian liom
a chlos is mé ag marcaíocht ort
go maidin

ghreanas d’aghaidh
ar mo theanga is labhraim
leat i nguth maol

an mise ionat an tusa
ionam ag imbhualadh faoina chéile
i mbraon síl

as Morning Haiku (Beacon Press, Bostún)
(do Max Roach)


níl deireadh le haon ní
cuimhne ar do ghlór
ag gach seamaide féir

pléascann do ghlórtha
sa chruinne is filleann
ar an domhan mar phaidir

is tú ag drumáil
do dhá lámh sínte chun Dé
an t-am ar fad

aithris aoibhinn
ar do gháire
spéir na maidine

do bhuille mear
ag marcaíocht ar aer
ag socrú síos inár gcnámha

do lámha
ag lonrú
ar chosa na báistí.

as Haiku in English: The First Hundred Years

ná habair focal
tá an t-am ag sceitheadh
sna coillte