2013-11-29

Books Ireland: Deireadh Ré

Is drochscéal amach is amach é go bhfuil deireadh tagtha leis an iris Books Ireland. Fógraíodh a bhás ar chlúdach an eagráin reatha, eagrán na Nollag. Iris is ea í - nó iris ab ea í - a thug a ceart riamh don Ghaeilge, rud nach féidir a rá i dtaobh mórán foilseachán Béarla eile in Éirinn. An Chomhairle Ealaíon a chniog é sa deireadh nuair a tarraingíodh siar an deontas. Droch-chinneadh amach is amach go háirithe nuair a smaoiníonn tú ar na milliúin a chaitheann siad ar an amharclann náisiúnta, Amharclann na Mainistreach, amharclann náisiúnta nach gcreideann sa teanga náisiúnta, is léir.
Táim cinnte go bhfuil foilsitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge agus an Bhéarla in ísle brí. Beidh leabharlannaithe, leis, fágtha ar easpa treorach.
 
 Ní gach éinne a bhí sásta leis an iris, ar ndóigh, go háirithe filí an Bhéarla ar chuir léirmheasanna Fred Johnston agus Kevin Kiely cuthach orthu. An raibh daoine ina measc a chuir brú ar an gComhairle Ealaíon?
 
 Braithfidh mé uaim léirmheasanna ó na colúnaithe rialta, Rory Brennan, abair, a bhí meáite riamh, mheasas, cé nach fear Gaeilge é, agus braithfidh mé uaim na fógraí fiú amháin. Ní raibh uirlis níos fearr ná níos suimiúla againn chun coimeád suas leis na leabhair is déanaí a bhí ar an margadh. Táim á léamh ó bunaíodh é, 38 bliain ó shin, mise agus síntiúsóirí in Éirinn, thuaidh is theas, agus léitheoirí eile in 21 tír ar fud an domhain. Is geall le bás anabaí é nuair a imíonn iris mar sin, iris a bhí a léamh agat ar feadh do shaoil.