2013-11-22

Niillas Holmberg: File Sáimise


Rugadh Niillas Holmberg sa bhliain 1990. File agus ceoltóir Sáimise é as an bhFionlainn. Cumann sé agus canann sé i Sáimis an Tuaiscirt agus tá roinnt scríofa aige san Fhionlainnis agus sa Bhéarla chomh maith.
Tá dhá chnuasach filíochta amuigh aige, Dego livččen oaidnán iežan (2009) agus Amas amas amasmuvvat (2013). Seinneann sé féin agus Roope Mäenpää ag féilte ar fud an domhain agus ba bhreá leis an mbeirt acu teacht go hÉirinn uair éigin. (Má tá éinne amuigh ansin a thabharfadh cuireadh dóibh, bí i dteagmháil linn).

San India a casadh ormsa é, ag féile filíochta. Scríobh sé chugam le déanaí chun a rá liom nach cuimhin leis mórán faoin oíche dheireanach againn ag an bhféile ach nuair a dhúisigh sé an mhaidin dár gcionn bhí dhá chóip den leabhar céanna aige, ceann acu sínithe domsa. Theastaigh mo sheoladh poist uaidh chun go mbeadh sé in ann an leabhar a chur chugam. Tá súil agam gur fiú an stampa poist é, pé leabhar é féin.

Seo dáinín leis a thaitníonn liom agus tá YouTube leis anseo chomh maith:


ó am go chéile
tagann neach faoi mo dhéin
ach ritheann as anáil
ag an nóiméad deireanach
casann ar ais
is ritheann chun breith arís ar a anáil

b'fhéidir go samhlaímse achair rómhór liom féin