2014-03-13

Ar an lá seo, an 13 Márta



Ar an lá seo, an 13 Márta, 1950, cailleadh Hippolyte Havel:
"Gach aon mhórghluaiseacht ó thosaigh an stair, gluaiseacht ab ea í chun an t-íochtarán a ardú agus é a chur ar a bhonnaibh. Agus is antoiscigh a threoraigh gach gluaiseacht díobh sin. Ainmneacha móra na staire is ainmneacha na n-antoisctheach iad. Na ceannródaithe a réitigh bealach trí fhoraois aineoil, bhí orthu troid in aghaidh ildainséir an dúlra, in aghaidh ainmhithe allta agus daoine a bhí níos allta fós. Na laochra a d’ardaigh a nguth an chéad uair ar son saoirse creidimh bhí orthu blianta de ghéarleanúint chruálach a fhulaingt. Coinníodh tóir dhian orthu fad leis an gcroch …

Meileann muilte an ama go mall ach meileann siad go mín agus bithiúnach an lae inné is laoch-mhairtíreach an lae inniu é agus na fíréin ag siúl ina mílte go tnáite go dtí an scrín aige chun ómós a léiriú dá chuimhne. Iad siúd a mb’éigean dóibh agóid a dhéanamh in aghaidh na sclábhaíochta polaitiúla, bhí orthu aghaidh a thabhairt ar anfa béadchainte agus spídiúcháin. Inniu, tá séadchomharthaí ina n-onóir mar mhaisiú ar láthair an mhargaidh, láthair a bhí ina finné, tráth, ar a gcéim síos agus is gléiní a n-ainm anois mar gheall ar an aitheantas mall seo.

Ach an cath is mó, is binbí agus is fíochmhaire a troideadh riamh, tá sé á throid anois. Tá streachailt ar mhaithe le saoirse eacnamaíoch ar siúl i ngach tír, ag gach cine is náisiún. I gcomparáid leis an gcoimhlint seo, níl i gcoimhlintí an lae inné ach mar a bheadh aithris ar chogaíocht á déanamh ag páistí sona agus a gcuid laochra beaga stáin á mbogadh acu ar urlár  an naíonra. . .

Nuair a bhris cogadh 1914 amach, bhí institiúid an Stáit ar a shlí amach i measc mhuintir Iarthar na hEorpa. Na smaointeoirí, ar a laghad ar bith, níor chreideadar go raibh gá leis níos mó. Na polaiteoirí amháin a chosain é; ach ní raibh oiread is fear poiblí amháin fágtha a raibh muinín ag an bpobal as. Ní ar na fir sin an locht. D’fhéadfadh go rabhadar chomh cliste is chomh maith le státaire ar bith a chuaigh rompu. Ach thugamar polaiteoirí orthu seachas státairí, mar níor chreideamar a thuilleadh sa Stát."