2014-03-29

Ar an lá seo, 29 Márta

Ar an lá seo, 29 Márta 1913, rugadh an mórfhile R. S. Thomas

R. S. Thomas - Evans by poetictouch

EVANS

Evans? Sea, is iomaí uair
a tháinig mé anuas an staighre
lom sin aige isteach sa chistin dhuairc
is an tine adhmaid romham, an píobaire gríosaí
ag déanamh tionlacain le dordán ón gciteal
dubh, is amach ansin sa dorchadas
fuar is mé tachta ag taoide dhlúth
na hoíche a bhí ag gabháil thart ar na fallaí
ar an bhfeirm uaigneach sin ar dhroim an tsléibhe.
Níorbh é an dorchadas a líon mo shúile
is mo bhéal a chuir alltacht orm; ná fiú an bháisteach
ag sileadh mar fhuil ó aon chrann amháin
síon-chéasta. Ba é an dorchadas é
a líon féitheacha an bhreoiteacháin sin
a d’fhágas tréigthe ar thrá fhairsing
sceirdiúil na leapa gruama sin aige.