2014-03-09

Ar an lá seo 9 Márta


Ní bheinn ag teacht lena chuid tuairimí polaitíochta, ach thug Mircea Eliade, a rugadh ar an 9 Márta 1907, ábhar machnaimh dúinn sa réimse spioradálta:

“Fad is nach dtuigeann tú go gcaithfidh tú bás a fháil chun fás a dhéanamh, is aoi suaite ar an domhan dorcha seo a bheidh ionat.”

“Seans an-mhaith gur cosaintí draíochta a bhí sna chéad daingnithe a tógadh thart ar lonnaíochtaí; dearadh an daingniú – an trinse, an chathair ghríobháin, an múr cosanta – chun cur i gcoinne
ionradh deamhan agus anamacha na marbh seachas ionsaí ó dhaoine.”

“Is é atá sa sliabh beannaithe ná ‘axis mundi’ a cheanglaíonn an domhan leis na flaithis.”

“Léiríonn cloch a beannaitheacht dúinn sa mhéid gur heireafanacht is ea í a bheith ann sa chéad ait, í bheith do-chomhbhrúite, domhillte, murab ionann agus an duine.”

“Ní mar is mian leo féin a roghnaíonn daoine suíomh beannaithe; lorgaíonn siad é agus aimsíonn siad é trí chomharthaí mistéireacha a chabhraíonn leo.”