2014-03-30

Haiku le Issa ón mbliain 1800

Búdaí ab ea Issa ach braithim go bhfuil an seanchreideamh dúchasach, Sinteo, taobh thiar den haiku gleoite seo. Tá rud éigin spioradálta ann. Faightear an cháilíocht luachmhar sin sa Ghaeilge, leis, i ndánta ar nós Moladh Bhinn Éadair, cuir i gcás. Tá mar a bheadh deasghnáth beannaithe ag tarlú anseo os ár gcomhair agus is iontach ar fad an phribhléid dúinne a bheith ina fhinné air:



an ghrian ag éirí
is sléibhte an tsamhraidh
á sciomradh aici


.夏山に洗ふたやうな日の出哉
natsu yama ni arauta yôna hi no de kana