2014-03-06

Ó Chlaí go Claíomh

c
cl
cla
claí
claío
claíom

claíomh




Níl taithí againn ar dhánta den saghas seo i nGaeilge agus dá mbeadh an Ríordánach beo is cinnte go ndéarfadh sé: 'An gimicíocht é seo? Neosfaidh an aimsir....' 
Ach tá dánta den saghas seo inghlactha ó tháinig an ghluaiseacht choincréiteach chun cinn le Eugen Gomringer agus a chairde sna 1950í. Faightear samplaí sa mheánaois chomh maith sa Carmina Figurata.
De bhrí gur chuir filíocht na mbard agus traidisiún an dáin dhírigh béim ar struchtúr an dáin, ní maith le criticeoirí na Gaeilge nuair a bhíonn an iomarca cur isteach ar struchtúr á dhéanamh ag filí agus sin an fáth ar mheas an Ríordánach go raibh gimicíocht ar siúl ag Davitt. Is maith le léirmheastóirí coimeádacha na Gaeilge an dán dea-dhéanta. Ach is dán dea-dhéanta ina shlí féin é an dán thuas!
Conas an dán thuas a léamh mar sin? Tá sé an-simplí. Samhlaigh claí. Claí cosanta nó claí teorann. Iompaíonn an focal (an claí) ina chlaíomh. Tá sé chomh simplí leis sin. Líon isteach an chuid eile tú féin.