2014-04-16

Ar an lá seo 16 Aibreán

Ar an lá seo 16 Aibreán 1935 rugadh an file Sarah Kirsch.
Ainm Giúdach is ea Sarah a roghnaigh sí in áit Ingrid toisc go raibh dearcadh frith-Sheimíteach ag a hathair. Cailleadh anuraidh í.

Pónairí Dubha

San iarnóin ardaím leabhar
San iarnóin leagaim leabhar síos
San iarnóin ritheann sé liom go bhfuil cogadh ann
San iarnóin dearúdaim gach cogadh riamh
San iarnóin meilim caife
San iarnóin cuirim an caife meilte
Ar ais arís le chéile pónairí
Áille dubha
San iarnóin bainim mo chuid éadaigh díom cuirim orm iad
Smideadh a chur orm ar dtús ansin mé féin a ní
Canaim ní deirim faic

Schwarze Bohnen

Nachmittags nehme ich ein Buch in die Hand
Nahcmittags lege ich ein Buch aus der Hand
Nachmittags fällt mir ein es gibt Krieg
Nachmittags vergesse ich jedweden Krieg
Nachmittags mahle ich Kaffee
Nachmittags setze ich den zermahlenen Kaffee
Rückwärts zusammen schöne
Schwarze Bohnen
Nachmittags ziehe ich mich aus mich an
Erst schminke dann wasche ich mich
Singe bin stumm