2014-04-06

Haiku le Issa ón mbliain 1804

ceo brothaill
is cosa nochta
an duine bheannaithe
 陽炎によしある人の素足哉
kagerô ni yoshi aru hito no suashi kana

Haiku aisteach é seo, dar liom. Tá rud éigin cineamatagrafach ag baint leis, cé nach raibh an ealaín sin ann an uair sin, ar ndóigh. Feiceann Issa crithloinnir, nó ceo brothaill, agus ar chuma éigin níl le feiceáil ach cosa an duine seo, manach naofa éigin. Tá rud éigin míorúilteach sa bhfócas sin. Is dócha, mar Bhúdaí, go bhfuil a aigne á rá leis nach bhfuil sa saol ach toit agus ceo agus go meabhraíonn cosa nochta an mhanaigh é sin dó.

Cá bhfuil an ceo sin inniu? Cá bhfuil an manach? Cá bhfuil Issa? Bailithe leo; ach maireann an haiku.