2014-04-18

Haiku le Issa ón mbliain 1826

Is minic neamh agus talamh ag teacht le chéile sa haiku. Sa sampla seo, ina dtugaim saoirse bheag dom féin sa traschruthú, samhlaigh Issa agus sásamh á bhaint aige as an bhfíon ríse. Cuimhnigh anois  gur máistir haiku é, mar sin ní dall ar meisce atá sé ach a mhalairt ar fad. Tá an chruinne á slogadh aige is níor thóg sé ach seacht siolla dhéag air, líon na siollaí atá sa leagan Gaeilge seo chomh maith.

ól suas
is mún síos é: im chupán sake
Bealach na Bó Finne

.盃に呑んで仕廻ふや天の川
sakazuki ni nonde shimau ya ama no kawa