2014-04-29

How I Got Over / MAR A THÁNA TRÍD

 


Mar a thána tríd
Conas a tháinig me tríd
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd
Mar a tháinig mé tríd
Ag leanúint orm an t-am go léir
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.

Conas a tharla sé, 'Thiarna,
Bhí sé thar a bheith deacair teacht tríd muise
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a thánamar tríd
Conas a tharla sé, 'Thiarna,
Is fada ag titim is ag éirí mé
Ach, a anam, féach siar is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.



      Ach feicfead Íosa go luath
      A céasadh ar son cách
      Fuil a chroí ag sileadh
      Óna cholainn chaomh lách

     
Buíochas leis as mé a thabhairt as an bhfásach
As gach aon rud a mhúin sé dom mar dhalta
Buíochas as mé a choimeád slán
Is buíochas leis nár lig sé dom dul ar fán
Gabhaim buíochas leis as an sean-reiligiún
Is gabhaim buíochas leis as an bhfís a chur chugainn
Lá breá éigin beidh mé ag canadh sa Chór
Is canfaidh mé gan traochadh go deo.

Is canfaidh mé ansin gar d’altóir Dé
Agus imeoidh mo chuid trioblóidí ina n-éamh
Caithfidh mé buíochas a ghabháil le mo Thiarna
As a bheith chomh caoin, yé,
Is mar a tháinig mé tríd
B’éigean dom caoineadh i lár na hoíche is mé ag teacht tríd
Ach a anam, féach siar is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.
Abair liom conas a tháinig mé tríd, a Dhé,
Éirí, titim, an t-am go léir
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.

Táim chun diamaint a chaitheamh, tá,
Sa Nua-Iarúsailéim
Is siúl ar na sráideanna óir
Is ann ’tá an sean-fhód.
Is feicfead lucht an tsíoda ghlé
Táid ag taisteal ó inné
Táid ag teacht anois le chéile
Gach aon chine a shíolraigh ó Éabha
Anoir, aduaidh, aneas, aniar
Is iad ar fad ag lorg scíthe
Is beidh siad ar fad ag canadh sa Chór
Agus beimid ag canadh is ag canadh go deo

Is canfaimid ansin gar d’altóir Dé
Agus imeoidh ár gcuid trioblóidí ina n-éamh
Caithfear buíochas a ghabháil
As gach aon ní a chur ar fáil

Táim anseo tráthnóna le rún buíochais
Yé táim anseo le rún buíochais
An oíche ar fad choinnigh Dia a chuid aingeal
Os mo chionn,
Go moch ar maidin, go moch ar maidin
Arsa Dia lena aingeal: bí léi i m’áitse
Ar sé: bí léi i m’áitse.
D’éiríos ar maidin, d’éiríos ar maidin, d’éiríos ar maidin
Tá fonn orm liú, tá fonn orm liú, tá fonn orm liú
Tá fonn orm liú, tá fonn orm liú, tá fonn orm liú,
Tá fonn orm liú, tá fonn orm liú, tá fonn orm liú
Tá fonn orm liú a ligean chugat, a Dhé, a ligean chugat, A Dhé,
A ligean chugat a Dhé, is buíochas a ghabháil
As gach aon ní a fháil, cuireadh gach ar fáil.