2014-04-15

Smaoineamh an Lae



Cuireann ainrialaithe in aghaidh institiúidí diansmachtúla an rialtais -
feidhmeannaigh, dlíthe, póilíní, cúirteanna, príosúin, airm agus mar sin de - agus cuireann siad in aghaidh institiúidí atá dea-mhéineach, de réir dealraimh, chomh maith - comhlachtaí fóirdheontais agus comhairlí áitiúla, tionscail náisiúnaithe agus corporáidí poiblí, bainc agus comhlachtaí árachais, scoileanna agus ollscoileanna, na meáin chlóite agus chraoltóireachta agus an chuid eile acu. Is léir do chách nach ar aontú atá an chéad dream ar brath ach ar iallach agus, i ndeireadh na dála, ar fhórsa; creideann ainrialaithe go bhfuil an lámh iarainn chéanna ag an dara dream fiú má tá lámhainn veilbhite á caitheamh aici.


Nicolas Walter

About Anarchism