2014-05-07

Gáir ós Ard

Rud folláin is ea gáire a dhéanamh os ard. Is fada ó chuir úrscéal ag gáire os ard mé. Ach táim lag ag The War of Don Emmanuel's Nether Parts. (Ní gáire ar fad é, ar ndóigh). Deisceabal de chuid Marquez, a cailleadh le déanaí, é an t-údar. Tá a rian sin air, cinnte, ach tá a ghuth féin aige chomh maith. In áiteanna, mheabhródh sé greann Sheáin Mhic Mhathúna duit.