2014-06-24

Ar an lá seo 24 Meitheamh

Ar an lá seo 24 Meitheamh, 1911, rugadh Ernesto Sábato:
“D’fhéadfaí a rá nach bhfuil an cine daonna in ann cur in aghaidh na n-athruithe borba atá ag titim amach i ndomhan an lae inniu. Tá na hathruithe sin chomh huafásach is chomh forleathan agus, thar aon ní eile, chomh tapa sin nach faic i gcomparáid leo iad na cúiseanna a bhí le díothú na ndineasár.”

“An chéad uair a ghabhas tríd an tír (An Eilvéis) fuaireas an tuairim go raibh mná tí tar éis í a ghlanadh le scuab ó bhun go barr, gach aon mhaidin, agus an salachar a dhumpáil san Iodáil.”

"El artista debe de ser mezcla de niño, hombre y mujer:

Meascán de pháiste, d’fhear is de bhean is ceart a bheith san ealaíontóir.”

“Díreach faoi mar a shamhlaíonn an t-oibrí oifige go bhfuil sé tar éis an saoiste is fuath leis a dhúnmharú agus sa tslí sin nach gá dó é a dhúnmharú, sin mar a bhíonn, leis, i gcás an údair; cabhraíonn a shamhlaíocht mhór linn chun teacht slán agus na haidhmeanna is measa atá againn a sheachaint. Agus gan fhios dúinn, tá meas againn air dá bharr agus mórann an tsochaí é, agus éad de shaghas éigin orainn, nó eagla nó déistin fiú. Mar go dteastaíonn uainn a fháil amach cad iad na nithe gránna atá i nduibheagán ár n-anama istigh. Sin is ardmhisean na litríochta móire ann agus níl aon mhisean eile aici.”