2014-06-07

Strainséirí i nDomhan Strainséartha Sinn

Duine a bhíonn ag scríobh don iris Modern Slavery Journal is ea Wolfi Landstreicher agus é á cheistiú féin de shíor. Strainséirí i ndomhan strainséartha is ea an uile dhuine againn, dar leis. Ní inniu ná inné a tharla an coimhthiú sin, an bhraistint sin nach rabhamar ag baile a thuilleadh sa saol seo. Tharla sé nuair a thosaigh ochtapas an stáit ag sá a chuid braiteog i ngach cuid de shaol an duine. Tharla sé nuair a d’imigh an táilliúir, an gréasaí, an tincéir, an gabha agus an chuallacht bhreá sin go léir agus nuair a tháinig na corparáidí ina n-áit, léan orthu.

Cad atá ag dó na geirbe ag Wolfi? Go hachomair, níl smacht againn a thuilleadh ar an saol atá á chaitheamh againn, táimid scartha ón bhfuinneamh cruthaitheach sin a ligfeadh dúinn an saol seo a mhúnlú chun ár sástachta. Tá Wolfi, mar sin, in aghaidh an tsaoil mar nach aon saol ceart é, dar leis. Tréigtheoir is ea é más maith leat. Sea, sin a thugann sé air féin. Tá níos mó tréigtheoirí uainn.

Tá nath deas sa Ghaeilge agus sinn ag tagairt do neach éigin nach bhfuil cosúil leis an gcuid eile againn, ‘Ní dár gcaoirigh é’; is é sin le rá, ní bhaineann sé leis an tréad a thuilleadh, má bhain riamh.

Ní haon chaora é Wolfi! Tá seisean  agus daoine mar é i gcoimhlint leis an treibh, leis an tréad, leis féin agus lena chairde, fiú. Ag an am céanna, tá sé ag scríobh; ciallaíonn sé sin go bhfuil dóchas éigin aige go bhfuil duine éigin, áit éigin amuigh ansin – ní gá go mbeadh sí ina hainrialaí ná ina réabhlóidí – a thacódh leis agus a aithneodh comharthaí na daoirse seo a ndéanann sé cur síos orthu.

Ní leat do shaol, a deir Wolfi. Rud is ea do shaol atá ag tarlú duit, mar a déarfá. Ní tusa atá á chruthú. Beidh ort machnamh air sin ar feadh tamaill, féachaint an fíor é mar ráiteas. B’fhéidir gur smaoinigh tú cheana air seo, gur chroith tú do ghuaillí agus go ndúirt tú leat féin nach bhfuil aon leigheas air mar scéal. ‘Sin é an saol!’ Ní maith leis an ainrialaí ná leis an réabhlóidí an chaint sin. Ní maith leis an bhfile ach an oiread é! Sin é an saol, ab ea? Tá fís eile agamsa, an freagra air sin.

‘Ní leat do shaol!’ Is abairt scanrúil í sin. Nuair a bhí Gaeil faoi shúiste Gall d’fhéadfá a rá nár mháistrí ar a gcinniúint féin iad. Ag na tiarnaí talún a bhí an t-airgead, an mhaoin, an chumhacht agus an Béarla breá, teanga na cumhachta. Iadsan a scríobh an stair. Ach táimid saor anois. Nó an bhfuil?

‘Capitalism would have us believe that we only deserve to be here because of what we produce,’ a deir A P Gumbs. Tá an ceart aici sa mhéid sin; tá méar leagtha aici ar an gcúis go mbraitheann go leor daoine ina strainséirí ina dtír féin. ‘Entfremdung’ a thug an Marxach óg ar a leithéid.      

Deir Wolfi go gcuirtear brú orainn chun an chuid is mó dár saol a íobairt ar mhaithe le hairgead a dhéanamh chun ár mbunriachtanais a shásamh. Ní haon saol ceart é sin, áfach. Saol seasc é sin, dar leis, saol nach bhfuil puinn sásaimh ann ná oscailt ar bith ann dár mianta cruthaitheacha. Chun an domhan atá ann a chothú agus a mhéadú, ofráiltear sinn go léir ar altóir na híobartha.

Teoiric spéisiúil, nach ea? Ar fhoghlaim tú an  teoric sin riamh ar scoil? Níor fhoghlaim, ar ndóigh, mar is cuid den ‘saol’ iad na scoileanna – cuid d’institiúidí uile an tsaoil agus iad á mbuanú féin i gcónaí. Ach tharla an ghéarchéim eacnamaíochta agus tá an ‘saol’ seo á cheistiú ag níos mó daoine ná riamh, is léir. Tá an caipitleachas á cheistiú. Na margaí. An éifeacht atá ag an gcóras tionsclaíoch ar dhaoine, ar an aeráid, ar an timpeallacht. Bhí tubaistí nádúrtha riamh ann. Tá tubaistí mínádúrtha anois againn anuas ar na tubaistí nádúrtha. Ach cathain a chuala tú léitheoir nuachta á rá ‘Tharla tubaiste mhínádúrtha inniu sa Rómáin’?

Ar fud an domhain tá na milliúin is na milliúin daoine agus a n-aghaidh á dtabhairt acu ar na cathracha, tuilleadh strainséirí a mbrú isteach i ndomhan strainséartha. Tá na póilíní á dtraenáil anois mar shaighdiúirí mar tá a fhios ag na húdaráis go bhfuil míshásamh mór ar fud an domhain agus pléascfaidh an bolcán sula i bhfad. Tá sé ag pléascadh cheana thall is abhus. Tuairisceoidh na meáin go bhfuil ‘ainrialaithe’ ar na sráideanna. Ní ainrialaithe chuige iad. Is daoine iad. Is daoine iad atá ag iarraidh cur in aghaidh na daoirse. Goideadh an tsaoirse uathu. Goideadh a ndínit is a dteanga uathu. Tá siad á lorg ar ais.   

Déarfaidh daoine áirithe, an chléir agus fórsaí coimeádacha eile inár measc, go bhfuil Wolfi agus a chairde craiceáilte. Deir Marx (Groucho): ‘Blessed are the cracked for they shall let in the light.’ Áiméan.