2014-07-28

CUIRFEAR AN GNÍOMHAÍ AR SON NA SÍOCHÁNA, NIALL FARRELL, i mBRAIGHDEANAS AR AN AOINE,LÁ LÚNASA

Táthar chun Niall Farrell ó Chomhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh a ghabháil ar an Aoine beag seo, Lá Lúnasa, nuair a thiocfaidh sé abhaile ón gcoigríoch agus cuirfear go Príosún Luimnigh é i ndiaidh dó páirt a ghlacadh in agóid síochána i dteannta Margaretta D'Arcy ar rúidbhealach Aerfort na Sionainne i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite. I mí an Mheithimh fuarthas ciontach iad as "cur isteach ar cheartúsáid" Aerfort na Sionainne agus cuireadh pianbhreith (coicís) ar fionraí orthu agus fíneáil €100. Dhiúltaigh an bheirt acu an fhíneáil a íoc agus dhiúltaigh siad chomh maith an banna síochána mar a thugtar air a shíniú agus chaith Ms D'Arcy tréimhse i bpríosún ó shin toisc nár chloígh sí le rialú Chúirt Dúiche na hInse.

D'eagraigh D'Arcy (80) agus Farrell (61) an agóid síochána ar an 1 Meán |Fómhair 2013 nuair a bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh na Stáit Aontaithe chun cogadh a fhearadh ar an tSiria. Bhí an bheirt ghníomhaithe páirteach in eachtra den sórt céanna ar an 7 Deireadh Fómhair 2012, aon bhliain déag go díreach tar éis do na Stáit Aontaithe cogadh a fhearadh ar an Afganastáin. Bhí an bheirt in aghaidh úsáid Aerfort na Sionainne ag arm Mheiriceá. Chaith Ms D'Arcy beagnach 10 seachtaine i bpríosún dá dheasca sin.

Bhí an Garda Síochána i dteagmháil le Niall Farrell agus tá seisean sásta bualadh leo gar don dealbh de Liam Ó Maoilíosa, An Fhaiche Mhór, Gaillimh, ar an Aoine bheag seo, Lá Lúnasa, 1.30 p.m..

Is mian le Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh ócáid ghairid síochána a eagrú ar 1pm os comhair na deilbhe. Bhí Liam Ó Maoilíosa (Liam Mellows) ina cheannaire ar Éirí Amach 1916 sa Ghaillimh agus an domhan ag smaoineamh i mbliana ar an gCéad Chogadh Domhanda a tharla céad bliain ó shin, an "cogadh a chuirfeadh deireadh le gach cogadh".

AN tÁR in GAZA - AN CEANGAL LE hÁRFORT NA SIONAINNE


I ráiteas a d'eisigh an Chomhghuaillíocht, deir Niall Farrell: 
"An tseachtain seo caite, theip ar stát na hÉireann tacú le fiosrúchán coireanna cogaidh de chuid na Náisiún Aontaithe ar an ár in Gaza. Téann Rialtas na hÉireann i gclaonpháirt go seasta leis an smachtú míleata a dhéanann SAM/Iosrael ar an bpobal Palaistíneach. Sa bhliain 2006 tugadh héileacaptair Apache trí Aerfort na Sionainne agus iad ar a mbealach go hIosrael. Theip ar na húdaráis eitleán míleata ar bith de chuid SAM a chuardach, rud a chiallaíonn go bhfuil trealamh míleata den saghas seo ag imeacht gan bhac tríd an aerfort.
 "Rud aisteach faoin scéal seo ná gur baineadh leas as an Acht um Aerloingseoireacht chun mé féin agus Margaretta a dhaoradh, an tAcht céanna a ligeann don Stát gach aon aerárthach a thuirlingíonn ar Aerfort na Sionainne a chuardach. Ní dhéanann Rialtas na hÉireann cuardach ar bith, áfach, le hómós do Washington. Caithfear na Teachtaí Dála Clare Daly agus Mick Wallace a mholadh as an iarracht a dheineadar an tseachtain seo caite ar cheart dlíthiúil phobal na hÉireann a chur i bhfeidhm chun eitleáin mhíleata SAM ar thalamh na hÉireann a chuardach.

 “Is ceart agus is cuí an ócáid síochána seo a eagrú os comhair dhealbh Uí Mhaoilíosa ar an Aoine agus sinn ag cuimhneamh ar an ár impiriúil a bhí sa Chéad Chogadh Domhanda. Is é a bhí in Éirí Amach 1916, agus Ó Maoilíosa i gceannas air i nGaillimh, éirí amach in aghaidh flaitheas agus forlámhas na Breataine agus in aghaidh rannpháirtíocht na hÉireann i gcogadh impiriúil. Le trí bliana déag anuas tá Éire páirteach i gcoimhlintí impiriúla mídhleathacha via Aerfort na Sionainne agus aerspás na hÉireann. Anuas air sin, tá ár bhFórsaí Cosanta féin gafa anois le forghabháil na hAfganastáine agus Mhailí. Táimidne comhpháirteach sna cogaí sin, ár lámha smeartha le fuil milliún duine ar a laghad agus páirt againn sa "ghéilleadh urghnách", i bhfocail eile cúlpháirtithe sinn i gcéasadh agus i bhfuadach. Sa chomhthéacs sin níl dlí ar bith briste agamsa, ag Margaretta D'Arcy, Clare Daly ná ag Mick Wallace, ní hea ach is ag seasamh atáimid leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

"Níl sna gníomhaíochtaí seo ar son na síochána atá ar siúl agam féin agus Margaretta ach iarracht bheag éigin ar sheasamh a ghlacadh ar son na bprionsabal frithimpiriúla sin a bhí ag na daoine a d'éirigh amach sa bhliain 1916 chun Poblacht Éireannach a bhaint amach, Poblacht a mbeadh polasaí eachtrach frithimpiriúil aici."