2014-08-12

Ar an lá seo 12 Lúnasa

Ar an lá seo 12 Lúnasa, 1827, cailleadh William Blake

LIG DON DAOR …

Lig don daor, ’s é ag meilt go mín, rith amach sa pháirc ghlas
Lig dó féachaint suas sna flaithis, le gáire, sa ghile
Lig don anam bocht, faoi ghlas sa dorchadas go faon
Aghaidh nár las le gáire le breis is tríocha éigin bliain
Féachaint amach; níl slabhraí air; tá an doras ar leathadh;
Is lig dá bhean is páistí teacht abhaile ón súiste géar
Féachann siad siar ar gach coiscéim, is dóigh leo gur brionglóid é
Á rá: d’fhág an ghrian an doircheacht agus d’aimsigh an mhaidin úr
Agus is geal leis an ngealaigh an oíche spéirghealaí
Tá an impireacht ar lár – an Mac Tíre is an Leon ar ball.
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo

Cén praghas atá ar chiall cheannaithe? An gceannófá í mar rann?
Nó an ghaois le haghaidh rince ar shráid?
Ní hea, ceannaítear an chiall
Le gach a bhfuil aige, a theach, a bhean, a mhuirear
Díoltar an ghaois sa mhargadh dearóil sin gan ceannaitheoir ann
Agus sa pháirc dhreoite áit a dtreabhann an feirmeoir go duairc:
Is fuirist an bua a fháil is an dea-shíon mar ba mhian leat
Istigh sa bhfíonghort is canadh os ard ar vaigín lán d’arbhar
Is fuirist ‘foighne’ a rá leis an té atá i gcruachás
Is fuirist ‘stuaim’ a rá leis an bhfánaí atá gan dídean
Éisteacht leis an bhfiach dubh agus ocras air sa gheimhreadh bán
An fhuil is í lán d’fhíontaibh is de smúsach na n-uan
Is fuirist gáire a dhéanamh in aghaidh na gaoithe géire
Éisteacht le tafann an mhadra sa bhfuacht, ong an daimh istigh sa seamlas;
Dia éigin i ngach leoithne agus beannacht i ngach cuaifeach
Siosarnach an ghrá sa stoirm thoirní, an stoirm a leagfadh tigh ár naimhde;
Gairdeas a dhéanamh faoin dubh ar a ghort san
Is an galar a mharaíonn a leanaí

An ológ, an fhíniúin go meidhreach sa tairseach
Torthaí is blátha ag ár leanaí

Dearúdtar ansin an osna is an dobrón
An daor is é ag meilt go mín
Is an cime faoi ghlas is an bochtán sa charcair

Is an saighdiúir ar an má
An chnámh leonta a d’fhág ag osnaíl é i measc na marbh suairc.
Is fuirist gairdeas a dhéanamh i bpubaill gheala an rachmais;
Chanfainnse amhlaidh gan amhras: sea, ní suairc domsa áfach.