2014-08-15

Ar an lá seo 15 Lúnasa

Ar an lá seo 15 Lúnasa, 1872, rugadh Sri Aurobindo
“Beatha is ea beatha – pé acu i gcat, i madra nó i nduine í.”

“Is í an spioradáltacht ileochair aigne na hIndia. Is é an claonadh ceannasach seo san India a dhathaíonn gach gné dá cultúr.”

“Ag éisteacht le daoine cráifeacha áirithe, cheapfá nach ndéanann Dia gáire riamh.”

“Cruthúnas ar shochaí éagothrom nach bhfuil eagar ceart uirthi is ea an bhochtaineacht agus níl sna carthanais phoiblí ach coinsias an robálaí á mhúscailt den chéad uair is go mall.”

“Tá ceithre mhór-imeacht sa stair, léigear na Traí, beatha agus céasadh Chríost, deoraíocht Krishna in Brindaban agus an t-agallamh ar pháirc Kurukshetra. Léigear na Traí chruthaigh sé Hellas, chruthaigh an deoraíocht in Brindaban an reiligiún deabhóideach (mar roimhe sin ní raibh ann ach machnamh agus adhradh), thug Críost ar an gCros an Eoraip chun na sibhialtachta, agus saorfaidh an t-agallamh in Kurukshetra an cine daonna fós.”

“Ní haon fhórsa lasmuigh dínn féin é an namhaid ach ár laige féin, ár meatacht, ár saint, ár bhfimíneacht, ár maoithneachas gearr-radharcach.”

“Dogma an chuid sin den reiligiún is lú tábhacht dar leis an aigne Indiach; spiorad an chreidimh an rud is tábhachtaí seachas cré dhiaga. A mhalairt i gcás aigne an Iartharaigh, an rud is tábhachtaí a bhaineann le cultas ná creideamh daingean intleachtach.”

“Ní féidir an Fhírinne a dhúnadh isteach in aon leabhar amháin, an Bíobla, an Veda nó an Qúrán, ná in aon chreideamh amháin.