2014-08-02

Ar an lá seo 2 Lúnasa

Ar an lá seo 2 Lúnasa, 1924, rugadh James Baldwin
“Mothaíonn gach aon scríbhneoir, déarfainn, gur comhcheilg atá sa domhan inar saolaíodh é, comhcheilg in aghaidh chothú a thallainne – agus tá go leor le rá ar son an tseasaimh sin. Ar an dtaobh eile den scéal, is de bhrí gur cuma sa sioc leis an domhan faoina thallann a chaithfidh an t-ealaíontóir rud éigin tábhachtach a dhéanamh leis an tallann sin.”

“Ceann de na cúiseanna, braithim, a gcloíonn daoine chomh stóinsithe sin leis na nithe is fuath leo ná go mothaíonn siad, a luaithe is a imeoidh an fuath, beidh orthu déileáil le pian.”

“Fíor-athrú ar bith, ciallaíonn sé an domhan a bhfuil sean-chur amach againn air á bhriseadh as a chéile, an méid sin go léir a thug féiniúlacht duit a chailliúint, deireadh le sábháilteacht.”

“Léifeá rud éigin a shíl tú nár tharla ach duit féin amháin agus faigheann tú amach gur tharla sé céad bliain ó shin do Dostoyevsky. Is fuascailt an-mhór é sin don té atá ag fulaingt is ag streachailt agus a shíleann i gcónaí go bhfuil sé leis féin. Sin an fáth a bhfuil tábhacht leis an ealaín. Ní bheadh aon tábhacht leis an ealaín mura mbeadh tábhacht leis an saol agus tá an saol tábhachtach.”

“Na róil a chruthaímid, cruthaítear iad mar go mbraithimid go gcabhróidh siad linn teacht slán agus, anuas air sin, ar ndóigh, mar go gcomhlíonann siad rud éigin a bhaineann lenár bpearsantacht; dá réir sin, ní éireofá as ról a imirt díreach mar go bhfuil tuiscint anois agat air. Tá gach aon ról dainséarach. Déanann an domhan tú a sháinniú sa ról a imríonn tú…”

“Níl rud ar bith daingean, go deo na ndeor, níl sé daingean; tá an domhan ag bogadh an t-am ar fad, tá an solas ag athrú an t-am ar fad, meileann an fharraige an charraig de shíor. Ní stadann na glúine de theacht ar an saol, agus táimidne freagrach astu mar níl finné ar bith eile acu. Borrann an fharraige, imíonn an solas as, beireann leannáin ar a chéile agus beireann páistí orainne. Nuair a stopaimid de bheith ag breith ar a chéile, nuair nach gcreidimid ina chéile níos mó, báitear san fharraige sinn agus téann an solas as.”

“Leabhair a mhúin dom gurb iad na nithe is mó a chráigh mé, gurb iad sin na rudaí a cheangail le gach duine beo mé, nó a bhí beo riamh.”