2014-08-08

Ar an lá seo 8 Lúnasa

Ar an lá seo 8 Lúnasa, 1910, cailleadh Janko Polić Kamov, gan ach 24 bliain caite ar an saol aige:
 

“Thugas camchuairt na cruinne agus seo an áit ina raibh orm fanacht go deo agus níor chuir sé as dom puinn go dtiocfadh deireadh leis seo go léir uair éigin, nó an aimseoinn duine éigin nó an mbeinn ag súil le hathrú ar bith. D’fhanas mar sin ar feadh na gcéadta bliain… Nuair a dhúisíos, ní raibh sé ina mheán oíche fós.”

“D’éiríos níos fuarchroíche agus níos fonóidí. Sheasainn sa tsráid agus mé ag breathnú ar na sluaite, iad ag umhlú dá chéile, na gaigíní, agus is iad an dream pioctha, sciamhach, galánta is mó a chuir déistin orm.”

“Milis, maith, umhal agus chomh teolaí le builín beag aráin, chuir sí teas i m’fhiacla agus im’ chroí agus bhí a cíocha ag siosarnach faoim’ mhéara mar úlla á bhfriochadh i bhfíon …”

“A thiarcais! Santaím cuideachta na mban. Samhlaítear domsa nach ndéanfadh a gcomhluadar níos dúire mé mar a mhaítear ach go soiléireofaí is go neartófaí mé ar nós cognac nuair a óltar as gloine bheag é.”

“Sciobann an clapsholas do thaibhse agus feictear dom go bhfuil do scáth fós ar crith ar bhallaí mo sheoimrín. Agus tugaim taitneamh don scáth sin, féachaim ar an scáth sin, sínim i dtreo an scátha sin.”