2014-08-03

Litir chuig an Aire

A Aire, a Chara,
Beatha agus Sláinte!

Tá súil agam go mbeidh ar do chumas stádas polaitiúil a thabhairt don phríosúnach Niall Farrell. Dáiríre, ba cheart é a scaoileadh amach láithreach. Tar éis an tsaoil, ní drochdhuine in aon chor é ach dea-dhuine atá ag iarraidh nach mbeadh smál ar ainm na hÉireann ar fud na cruinne, smál atá ar Rialtas na hÉireann faoi láthair, dar leis (agus dar liom féin agus na mílte eile), smál nach beag, is baolach, agus dath na fola air, an smál sin atá orainn go léir as ligean do na Meiriceánaigh úsáid mhíleata a bhaint as Aerfort na Sionainne.

Léigh mé an litir a scríobh sé chugat, a Aire, inar iarr sé ort stádas polaitiúil a thabhairt dó. Tá an méid sin tuillte aige, nach bhfuil? Tá a fhios ag Dia nach coirpeach é agus fiú dá mba ea, faoi mar a mheabhraigh sé dúinn go léir ina litir chugat agus é ag tagairt do na saoithe a bhí i mbun machnaimh in Nuremberg, 1945, tá dualgas ar dhaoine an dlí a bhriseadh i gcásanna áirithe chun dlí níos tábhachtaí ná dlí na tíre a chosaint.

Tá dlí níos láidre ann ná dlí na tíre seo faoi mar a cuireadh i bhfeidhm i gCúirt Dúiche na hInse é. Cén dlí é sin, a deir tú?  Is é dlí an bhráithreachais é, dlí an ghrá, dlí na síochána. Níl dlí ar domhan níos láidre ná an dlí sin agus tá a fhios agamsa, a Aire, go n-aithníonn tú féin é sin i do chroí istigh. Géillimis don dlí sin go grámhar agus go síochánta.

Síth Dé ar shíol Éabha,

Gabriel Rosenstock
Baile Átha Cliath