2014-09-29

Seanamhráin


Chuala mé amhráin mar atá ar an YouTube seo agus mé i mBéalgrád.
Seanfhear ina shuí ar bhinse i gceantar do choisithe amháin. Chuimhníos ar Wordsworth sa dán The Solitary Reaper agus é ag éisteacht le hamhrán i nGaeilge na hAlban:  
'Will no one tell me what she sings?'

Shuíos chun éisteacht leis agus d'fhéadfainn an lá ar fad a chaitheamh ag éisteacht. Is aige a bhí na nótaí maise, giofóg á thionlacan ar an mbosca ceoil. Ó am go chéile thógfadh sé sos agus bhí buidéilín biotáille aige ina phóca, chun uchtach a thabhairt dó mar ba mise an t-aon éisteoir a bhí aige an lá sin. Na coisithe ag gabháil thar bráid agus a bhfón póca acu nó iad ag éisteacht leis an gceol is déanaí sna cairteacha is gan meas dá laghad acu ar shaibhreas ceoil an tseanduine ná ar iarmsaí beo a gcultúir féin. Chuir sé sin leis an mbrón a bhí sna hamhráin aige agus leis an tocht ina ghlór - gan éinne bheith ag éisteacht  leis.
 
Cheapfá go bhféadfadh TG4, cuir i gcás, amhráin agus íomhánna mar atá ar an YouTube seo a thabhairt dúinn mura mbeadh ann ach 5 nóiméad in aghaidh na hoíche, seanamhráin thraidisiúnta ó thíortha uile na hEorpa (mar thús) chun a mheabhrú dúinn go bhfuil cultúr eile ann seachas an rud is déanaí 'ar an margadh'.