2014-10-02

Ar an lá seo 2 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 2 Deireadh Fómhair, 1869, rugadh Mahatma Gandhi.
“Is é is sonas ann nuair a thagann an smaoineamh, an focal is an gníomh le chéile.”

“An tslí is fearr chun teacht ort féin ná tú féin a chailliúint is tú ag fónamh do dhaoine eile.”

“Ná caill do dhóchas sa chine daonna. Aigéan is ea an cine daonna; má tá cúpla braon salach san aigéan, ní shalaítear an t-aigéan.”

“Nuair a bhainimse aoibhneas as iontais luí na gréine nó áilleacht na gealaí, leathann m’anam in adhradh an chruthaitheora.”

“Is fearr agus tú ag guí go mbeadh croí gan bhriathra agat ná briathra gan chroí.”

“Níl sa duine ach toradh a chuid smaointe.”

“Matáin ba bhrí le ceannaireacht, tráth; ach inniu, réiteach le daoine is brí leis.”

“Táim in aghaidh an fhoréigin mar pé maitheas a dhéanann sé is maitheas sealadach é; an t-olc a dhéanann sé is buan.”

“Tá cúirt níos airde ann ná na cúirteanna breithiúnais agus is í cúirt an choinsiasa í sin.”