2014-10-09

Ar an lá seo 9 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 9 Deireadh Fómhair, 1921, rugadh Tadeusz Różewicz.
Dhá dhán leis:


Profaí

Ní cheartóidh an bás
oiread is líne amháin filíochta
ní léitheoir profaí é
ná baneagarthóir
báúil

Is neamhbhásmhar é an drochmheafar

An drochfhile a cailleadh
is drochfhile marbh é

Is leadránach i ndiaidh a bháis é an leadránaí
leanann an t-amadán dá ghiob geab
is é san uaigh

Fág sinn

Déan dearmad orainn
ar an nglúin seo againne
mair mar dhuine
déan dearmad orainn

bhíomar in éad
le plandaí is clocha
in éad le madraí

b’fhearr liom bheith im fhrancach
arsa mise léi ansin
b’fhearr liomsa gan bheith ann
b’fhearr liom bheith im shuan
is dúiseacht nuair a bheadh an cogadh thart
ar sise is na súile dúnta aici

Déan dearmad orainn
ná fiosraigh faoinár n-óige
fág sinn