2014-11-01

Ar an lá seo 1 Samhain

Ar an lá seo 1 Samhain, 1871, rugadh Stephen Crane.

Sa Ghaineamhlach

le Stephen Crane

Chonaic mé neach
sa ghaineamhlach, nocht, brúidiúil
ar a ghogaide, ar an talamh,
a chroí aige ina dhá lámh
agus é á ithe.
Ar mé, ‘An maith é, a chara?’
‘Goirt atá sé – goirt,’ ar sé;
‘Ach is maith liom é
toisc é bheith goirt
is toisc gurb é mo chroíse é.’