2014-11-07

Ar an lá seo 7 Samhain

Ar an lá seo 7 Samhain, 1943, rugadh Joni Mitchell

ABHAINN

le Joni Mitchell

Is gearr uainn an Nollaig
Tá na crainn ar lár
An réinfhia le feiceáil
Amhráin síochána is síth’ á rá
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Níl aon sneachta anseo
Is fanann sé glas
Táim chun carn mór a dhéanamh
Is ansin beidh mé ag tarraingt as
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Dá mbeadh abhainn agamsa, abhainn mhór ghroí
Mhúinfinn eitilt dom dhá chos
Dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil:
Do chuireas é ag gol

Theastaigh uaidh mé ’tharrtháil
Mé bheith gan bhuairt lán só
Is bhí a ghrá chomh dána
Go rabhas lag ar ndóigh
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Deacair mé a láimhseáil
Is santach mé faoi bhrón
Anois ó chailleas an grá ab fhearr riamh
’Bhí ag éinne beo
Dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Ó, dá mbeadh abhainn agamsa abhainn mhór ghroí
Mhúinfinn eitilt dom dhá chos
Dá mbeadh agamsa abhainn
Do raghainnse ag scátáil
Is níl mo ghrása thall ná ’bhus.

Is gearr uainn an Nollaig
Tá na crainn ar lár
An réinfhia le feiceáil
Amhráin síochána is síth’ á rá
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

(1970; Joni Mitchell)