2014-11-30

Carúil na gCarmanach: ábhar ceiliúrtha agus ábhar machnaimh

Is fada trácht ar charúil na Cille Móire i gCo. Loch Garman agus tá léas nua beatha tugtha dóibh anois ag an amhránaí ildánach sárchumasach Caitríona O’Leary ar an albam nua The Wexford Carols (Heresy Records). I dteannta Chaitríona tá Rosanne Cash, Rhiannon Giddens agus amhránaí mór na Breataine Bige, Tom Jones.

Is pacáiste aoibhinn é seo agus an-chuma go deo ar an leabhrán faoi chlúdach crua a ghabhann leis. Tá a croí curtha ag Caitríona O’Leary sa togra seo, i ngach slí, agus guím rath uirthi.

Ba thall in Ghent a d’fhoilsigh an tEaspag Luke Waddinge (ná measctar leis an bhFroinsiasach Luke Wadding é) an cnuasach amhrán diaga A Small Garland of Pious & Godly Songs (1684). As an gcnuasach sin agus as an mbailiúchán A New Garland Containing Songs for Christmas (1728) leis an Athair William Devereux chomh maith le traidisiún beo na Cille More iad na carúil bhreátha seo.

D’fhoghlaimíos cuid mhaith ó na nótaí atá curtha ag Caitríona leis na carúil Nollag seo ar cuid d’oidhreacht na hÉireann agus d’oidhreacht cheoil an domhain araon iad, dar léi, agus an ceart aici. Tá a thuilleadh nótaí inspéise scríofa ag Eric Fraad, bunaitheoir Heresy Records, agus is fiú go mór iad a léamh. Cumadh na carúil seo chun sólás a thabhairt don chosmhuintir agus iad ag fulaingt faoin gConcas. Murach Cromail, seans nach mbeadh na carúil seo againn. Tar éis dó slad a dhéanamh i nDroichead Átha, chuaigh Cromail caol díreach go Loch Garman, 10,000 Piúratánach ina theannta, agus dhein sé an diabhal arís. Sna blianta a lean Cogadh Chromail in Éirinn, tháinig titim ó 2,000 go 400 ar dhaonra Loch Garman. Bí ag caint ar chinedhíothú.

Dála na n-amhrán spioradálta is na nGormacha i Meiriceá, d’fheidhmigh na carúil seo mar bhalsam bisigh do phobal cloíte Loch Garman. Is meafair iad go minic na híomhánna sna carúil seo a sheasann do chúinsí dofhulangtha na nGael ag an am; diúltaítear do Mhuire is d’Iósaf agus níl ar fáil don Mháthair Bheannaithe agus a hionú tagtha ach stábla. Ní raibh de shéipéal ag an Easpag Waddinge ach seamlas lán de bhualtrach agus is i ngort lom a cheiliúraíodh an tAthair Devereux an tAifreann. Is cinnte gur bhraith lucht canta na gcarúl seo, agus an lucht éisteachta, an ceangal a bhí idir na Gaeil bhochta agus an Teaghlach Naofa. Sa tslí sin, neartaigh na carúil a gcreideamh agus a bhféiniúlacht araon.

Na tagairtí sna carúil do Héaród an áir, nach tagairtí do Chromail iad dáiríre? Gach seans. Díbríodh na Gaeil go Connachta, chuaigh a thuilleadh acu go Meiriceá agus a thuilleadh fós chun na Mór-Roinne. Nach meafar é an díbirt léanmhar sin a sheasann don Teitheadh chun na hÉigipte? Agus na tagairtí don Slánaitheoir féin, nach bhfuil soiscéal an tSeacaibíteachas ag borradh sa chúlra? Bí cinnte de. Ábhar ceiliúrtha agus ábhar machnaimh atá san albam suaithinseach seo a léiríonn urraim do ghné neamhchoitianta dár n-oidhreacht.