2014-12-29

Gondola no Uta (ゴンドラの唄) / Amhrán an Ghondala

File: Isamu Yoshii
Cumadóir: Shinpei Nakayama
いのち短し
恋せよ少女
朱き唇
褪せぬ間に
熱き血潮の
冷えぬ間に
明日の月日の
ないものを
いのち短し
恋せよ少女
いざ手をとりて
彼の舟に
いざ燃ゆる頬を
君が頬に
ここには誰れも
来ぬものを
いのち短し
恋せよ少女
黒髪の色
褪せぬ間に
心のほのお
消えぬ間に
今日はふたたび
来ぬものを
inochi mijikashi
koi seyo otome
akaki kuchibiru
asenu ma ni
atsuki chishio no
hienu ma ni
asu no tsukihi no
nai mono wo
inochi mijikashi
koi seyo otome
iza te wo torite
ka no fune ni
iza moyuru ho wo
kimiga ho ni
koko ni wa dare mo
konu mono wo
inochi mijikashi
koi seyo otome
kurokami no iro
asenu ma ni
kokoro no honoo
kienu ma ni
kyou wa futatabi
konu mono wo

Amhrán an Ghondala

Níl sa saol ach toit is gal
titigí inniu i ngrá
sula n-éagann ar bhur mbeol’
deirge an bhláth’.
Sula mbeidh an taoide ag trá
sula bhfuaróidh croí,
glacaigí ’nois leis an lá
mar nach bhfillfidh choích’.

Níl sa saol ach toit is gal
titigí inniu i ngrá
sula léimeann sé sa bhád
fad’s tá neart 'na lámh.
Sula mbeidh a ghrua bán
sula bhfuaróidh fuil,
glacaigí ’nois leis an lá
tá an abhainn ag tuil'.

Níl sa saol ach toit is gal
titigí inniu i ngrá
sula ngreamóidh sioc dár ngruaig -
cad atá le rá?
Lasaigí an splanc arís!
Luachmhar é an grá.
Sula mbeidh an taoide ag trá
sula bhfuaróidh croí
glacaigí ’nois leis an lá
sula mbeidh ’na oích’.