2014-12-26

O Store Gud/ How Great Thou Art/ Is tú tá mór

File: Carl Gustav Boberg
Cumadóir: Fonn Traidisiúnta Sualannach
A Thiarna Dia, nuair smaoiním ar do ghlóire
Is ar na domhain a tháinig ó do lámh:
Is léir an réalt, is clos turlabhait na toirní.
Do chumhacht ar fud na cruinne is do ghrá.

Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.
Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.

Nuair théim ar fán i ngleanntán nó sna coillte
Is nuair a bhíonn na héin ag déanamh ceoil:
A gcantain shéimh de shíor i mbéal na gaoithe,
An sruthán sléi’ dod mholadh i ngach treo.

Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.
Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.

Is chuir tú chugainn do Mhac chun sinn a shábháil
Is fuair Sé bás, is deacair é a rá,
An fhuil ag rith chun gach aon duine tharrtháil
Is ghlan ár bpeacaí dúinne lena ghrá.

Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.
Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.

Nuair ’thiocfaidh Críost, nuair chloisfear na comhghártha
Chun mé a thabhairt ’dtí an t-áras geal go deo,
Cromfadsa síos, le cabhair óna Mháthair
Fógród os ard, ‘A Dhia is tú tá tá mór!’

Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.
Is canann m’anam chugat, a Shlánaitheoir
Is tú tá mór, is tú tá mór.