2015-01-16

Wohin?

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert
Ich hört' ein Bächlein rauschen
Wohl aus dem Felsenquell,
Hinab zum Tale rauschen
So frisch und wunderhell.

Ich weiß nicht, wie mir wurde,
Nicht, wer den Rat mir gab,
Ich mußte gleich hinunter
Mit meinem Wanderstab.

Hinunter und immer weiter
Und immer dem Bache nach,
Und immer frischer rauschte
Und immer heller der Bach.

Ist das denn meine Straße?
O Bächlein, sprich, wohin?
Du hast mit deinem Rauschen
Mir ganz berauscht den Sinn.

Was sag ich denn von Rauschen?
Das kann kein Rauschen sein:
Es singen wohl die Nixen
Dort unten ihren Reihn.

Laß singen, Gesell, laß rauschen
Und wandre fröhlich nach!
Es gehn ja Mühlenräder
In jedem klaren Bach

Cá raghair?

Is clos dom sruth ag léimrigh
As fuarán ’measc na gcreag,
Sa ghleanntán thíos ag léimrigh
Chomh húr chomh gléigeal

Ní heol dom mar a tharla
Nó cé a labhair im chluais,
Ní mór dom bheith ag fánaíocht
Is deir mo mhaide, ‘Gluais!’

Ar aghaidh is ar aghaidh i gcónaí
Ar aghaidh ’s ar aghaidh leis an sruth
Ar aghaidh ’s ar aghaidh an tóraíocht
Ar aghaidh ’s ar aghaidh lena ghuth.

B’e seo an bóthar romhamsa
A shrutháin, labhair, cá raghair?
Táim scaipthe ag do ghlórsa
Is ait liom é mar spadhar.

Ná labhair ar ghlór a thuilleadh
Níl glór ag an sruthán:
Sin iad na béithe coille
Ag glaoch ón duibheagán.

An sruthán lig dó [bheith] ‘canadh
Is lig do bheith ar fán:
Bíonn brónna muilinn ag casadh
I ngach aon ghlé-shruthán.