2015-03-08

Am leuchtenden Sommermorgen/ Ar maidin ’s an ghrian ag taitneamh

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Robert Schumann
Am leuchtenden Sommermorgen
Geh' ich im Garten herum.
Es flüstern und sprechen die Blumen,
Ich aber wandle stumm

Es flüstern und sprechen die Blumen,
Und schaun mitleidig mich an:
Sei unsrer Schwester nicht böse,
Du trauriger blasser Mann.
Ar maidin ’s an ghrian ag taitneamh
Seo mé ag siúl sa ghairdín.
Tá sioscadh ag teacht ó na blátha.
Mo bhéal ina thost nach binn.

Tá sioscadh ag teacht ó na blátha,
Is féachann orm lán de thrua:
“Ná bíse anuas ar ár siúirín,
A mheatacháin lán de bhuairt!”