2015-04-04

Haiku le Issa ón mbliain 1819

brat na hoíche anuas
ar Oileáinín na nGiúiseanna ...
fuiseog ag canadh


.松島や小隅は暮て鳴雲雀

matsushima no ko sumi wa kurete naku hibari

Féachann sé chomh simplí sin, an haiku seo, agus na mílte eile de chuid Issa. Tá sonas agus séimhe le brath ar an haiku áirithe seo. Ní raibh aon ní ag cur as dó ag an am, ni foláir, nó má bhí níor lig sé dó cur isteach air agus é ag féachaint uaidh ar an mbá a bhí breac le hoileáin agus na hoileáin clúdaithe le giúiseanna. Agus ansin, tionlacan ceoil ón spéir! Draíocht!