2015-07-01

Luimneach

Fiafraítear díom ó am go chéile mar dhuine a tógadh i gCo Luimnigh, ar chumas luimneach riamh.  In ainm Chroim, nár fhoilsíos cnuasach díobh. B’in thiar sa bhliain 1984, cnuasach dar teideal An tSine Bheo (sic … an-sic). An t-aos óg atá suas anois, ní fhaca siad cóip den leabhar sin riamh (ná na mílte leabhar eile atá as cló le fada).
Dóibh siúd mar sin nár léigh luimneach riamh i dteanga bhinn ársa na nGael, seo blaiseadh beag den tsine bheo:

                  ~
Bhí poc ina chónaí i dTeamhair
A bhí cráite gan comhluadar gabhair:
   Ní fhanfadh níos mó
   Ar seisean: ‘Let’s go!’
Agus d’imigh sé – glan as a mheabhair!

                  ~

Bhí bean rialta i gCathair Chinn Lis
(Is i luimneach atá sí anois!)
    Chuaigh a cat i bpoll móna
    Is ar feadh an tráthnóna
Ar sise go brónach: Pis! Pis!


                          ~

Bhí striapach bheag dheas ann, dar Duach!
Nár dhuine í chuige ach muruach.
    Deireadh custaiméirí, ‘Conas?’
    Ach ba chuma sa donas
Ach an craiceann a fháil is a luach!


                           ~
                             
Bhí ollamh i gCathair Saidhbhín –
Ollamh le Ceol, le bheith cruinn:
   Is leor orlach mar nod
   Rug sé greim ar a bhod
Agus sheinn a dhá váls ar veidhlín!

====================================
Ní shamhlóinn go reáchtálfadh An tOireachtas comórtas luimneach ach ba cheart do dhream éigin an fhoirm seo a spreagadh (IMRAM abair?). Is cuma an iad filí na Máighe a chuir tús leis an gcineál seo véarsaíochta an chéad lá riamh nó nach ea; b’fhéidir go bhfuil an chreidiúint ag dul do shaighdiúirí Sasanacha i Luimneach a raibh braon beag d’uisce glé na Máighe ólta acu.