2015-11-23

Dalachinsky

Tá an dán seo thíos á aistriú agam agus mé ag éisteacht le Charles Gayle.

 

Is é an chéad dán é sa leabhar The Final Nite & Other Poems: Complete Notes from a Charles Gayle Notebook 1987-2006 (Ugly Duckling Presse) le Steven Dalachinsky, file Beat a raibh de phribhléid agam bualadh leis i Nua-Eabhrac i mbliana, i dteannta a chéile Yuko Otomo. Scríobadh na dánta go léir sa leabhar faoi thionchar cheol agus seanmóirí Gayle.

An Crann ina Chodladh


Tusa
& an ghaoth
       ag séideadh
            tríd an gcrann óg
                                    á lúbadh        
                                    ag béicíl
                                       ag déanamh iontais
& an ghaoth lasmuigh
nach mbraithimid
& na púcaí
nach
mbraithimid

an ghaoth lasmuigh
an crann á chroitheadh aici
crann óg –

                   an t-anam istigh
                   crann toilteanach
                   a raghadh de réir dealraimh
pé treo a mbrúfá é.