2016-01-11

Tangó an Fhile

John Ashbery

Ní léann éinne mé
Níl dóthain foilsithe agam
Tá mo shaotharsa go hiontach ar fad
       trí chéim ar dheis, cas
Ní scríobhann éinne léirmheasanna orm
Ní cheannaíonn éinne mo chuid leabhar
Dá scríobhfaí léirmheasanna orm bheadh clú orm
       trí chéim ar gcúl, cas,
Dá bhféadfainn a bheith ar an raidió
Nó ar an teilifís
Nó dá ndéanfadh duine éigin scannán fúm, ANSIN
       trí choiscéim bhreise ar dheis, cas
Cheannódh duine éigin mo chuid leabhar
Scríobhadh duine éigin léirmheas orm
Bheadh a fhios acu
       trí choiscéim ar gcúl, cas
Cé chomh hiontach is atá an aigne sin agam
Gur mórfhile atá ionam
Go mbeidh mo shaothar á leamh amach anseo ach
       trí chéim ar dheis, cas
ANOIS níl éinne do mo léamh
Scríobhfar leabhair mar gheall orm
Táim go hiontach ar fad
       trí chéim ar gcúl, cas
Beidh cáil ar m’iar-mhná céile
Beidh cáil ar mo chlann
Beidh solas ag teacht ó mo shinsir ina gcuid tuamaí ach
       trí chéim ar dheis, cas
Níl éinne do mo léamh i láthair na huaire
Conas nach féidir cáil a bheith orm agus mé fós beo
Deirimse leo: foilsím uaireanta faoin ainm “John Ashbery”
       trí chéim ar gcúl, cas


Jack Foley