2016-02-23

An Bealach Isteach Chuig Campa Reagan

Tar éis don Sos Cogaidh teacht i bhfeidhm
bhí rath ar an sráidbhaile ag geataí Champa Reagan
in Pocheon, dúiche Gyeonggi,
mar bhaile drúthlainne do na saighdiúirí.
A luaithe is a tréigeadh an campa
thit an baile as a chéile.

Ceannaire striapacha an bhaile
ab ea Rita Kim,
nó Kim Ok-suk mar a thug a máthair uirthi.

D’fhriotháil sí ar chúpla céad saighdiúir geal
agus ar chúpla céad saighdiúir gorm
agus ba ghearr go raibh sí ina ceannasaí
ar cheardchumann na meirdreach,
ina húr-labhraí thar ceann striapacha uile
dhúiche Pocheon.
Bhí na ballaí aici clúdaithe le teastais mholta
agus litreacha buíochais ó mhiontaoisigh an cheantair:
‘As a bhfuil déanta agat chun cruth nua-aimseartha
a chur ar an tír . . .’

Nuair a bhailigh na Meiriceánaigh leo, bhog saighdiúirí na Cóiré isteach.
D’imigh na striapacha
is ní raibh fágtha den bhaile ach cúpla siopa beag.
Ina haonar di, chuaigh Kim Ok-suk in aois
i bpreab na súl is d’éirigh tinn.
Ní chloisfeá a thuilleadh aon chaint ghraosta uaithi –
‘Fir! Níl iontu ach plibíní.’


Ko Un