2016-02-14

Catsúil dá dtug Semiramis orm

Dá mbeadh cumha ort
I ndiaidh do cheantair dhúchais
I measc na sléibhte
Planda i ndiaidh planda chumhra a chuirfinn,
Bláth i ndiaidh blátha,
Crainn agus fíniúnacha ar na hardáin –
Bríce ar bhríce
Cloch os cionn cloiche,
Gairdíní Crochta na Babalóine a thógfainn
Duitse, a Bhanríon Semiramis!
D’fhairfinn do shiúlóid
Gach aon tráthnóna,
An ré i gcéin
Phógfadh leathleiceann leat,
Réaltaí an alltair ag déanamh iontais
De loinnir do dhá shúl,
Cumhracht na mbláthanna is an fhraoigh
Ag éirí aníos
A bhainfeadh díot an chian
Ionas go ndéanfá glandearmad
Den chathair seo
Ar imeall gaineamhlaigh shíoraí.
Catsúil uaigneach dá dtugais orm lá
A bhanríon
A rinne saor díom:
Thógfainn is d’atógfainn anois duit is go brách
Ceann de Sheacht nIontas an Domhain –
Níl ionam, ámh, ach Scríobhaí,
Fear taifeadta éachtaí