2016-04-27

An Nuafhilíocht Tachta ag an gCleasaíocht (Feasta, Bealtaine, 2016)

Grá fiar
le Louis de Paor
(Coiscéim 2016)

Léirmheas le Gabriel Rosenstock


Nílim an-cheanúil ar an bPaorach, mar fhile ná mar eagarthóir. Tá sé chomh maith agam é sin a admháil i dtosach! Bímis soiléir faoin méid sin.

An bhfuilim claonta ina aghaidh mar sin? Caithfidh claonadh éigin a bheith ag gach léirmheastóir. Níl a leithéid de rud ann agus oibiachtúlacht ghlan. Ina dhiaidh sin is uile, bhíos sásta filíocht a aimsiú sa chnuasach seo dá mbeadh oiread na fríde di i bhfolach ann áit éigin. Níl!

D’fhéachfá ar theideal an chnuasaigh seo Grá fiar agus déarfá leat féin: cliste? Murab ionann agus fíorghrá, abair. Ó sea, gan dabht. An-chliste. An-chliste ar fad. Clisteacht an dalta scoile, im’ thuairimse. N’fheadar an bhfuil aon rud fíor na laethanta seo? An gcaithfidh gach aon rud a bheith fiar? Tá an chosúlacht sin ar an scéal.

Ar eagla go gceapfadh éinne go raibh cleasaíocht ar bun ag an bhfile, tá an méid seo le rá ag George Szirtes ar chúl an leabhair seo: ‘There is nothing tricksy about the language  . . .’ Cén teanga atá i gceist aige? Tá aithne agamsa ar Szirtes agus níl aon fhocal Gaeilge ina phluc aige mar sin caithfidh gur ag tagairt do leabhar éigin eile a bhí sé.

Tagraíonn Máirín Nic Eoin do Rogha Dánta an fhile agus deir sí gur comhartha is ea é ‘that there is much more to come’. Dia ár sábháil inniu is amárach. Tá a thuilleadh ag teacht mar sin, an bhfuil? An é seo é? Grá fiar?

Ní dóigh liomsa go bhfuil faic sa leabhar seo. Dáiríre. Cur amú páipéir. Cur amú deontais. Cén fáth deontas a chaitheamh ar línte mar seo:

cumhracht uait
a chuirfeadh
adharc ar nóinín ….

Greann breoite an déagóra agus b’fhéidir gur masla do dhéagóirí an méid sin a rá. Braithim go ndúisíonn Louis i lár na hoíche á cheistiú féin, á rá leis féin:

in ainm Dé,
nó cad sa foc
is fiú dán
(lch 41)

Bhuel, ligfidh mé do léitheoirí an leabhair seo an cheist sin a fhreagairt má tá €8 le caitheamh acu air.

Chun tacú leis an bhfiarfhilíocht atá anseo tá nathanna tríd an leabhar aige ó fhilí cáiliúla agus leathcháiliúla, stuif ar nós ‘Hold on to me and we’ll both drown’, le John Berryman. Ag iarraidh Berryman bocht a tharraingt síos ina dhiaidh atá sé, ab ea?  Seas ar do dhá chois féin, a deirimse, agus ná bac nathanna ar nós ‘It rains perhaps on the other side of the heart’ le Donald Justice agus an stuif eile go léir (le lucht an Anglasféir den chuid is mó) leithéidí Eavan Boland, Franz Wright, Charles Simic, Robert Hayden, Sylvia Plath . . . stuif as comhthéacs a lán de. Níl siadsan in ann cabhrú leat. Níl éinne! (Comhairlímse d’fhilí óga an tAnglasféar a sheachaint ar fad.)

An dánta dírbheathaisnéise iad seo? An ag caint air féin atá sé nuair a deir sé:

Sara gcasaim an eochair
Sa doras sicréideach
Buailim cic sa phus
Ar an madra leathdhall …

Cén saghas duine a dhéanfadh a leithéid? An ceart é a ghearán le Cumann na hÉireann um Fhóirthint ar Ainmhithe? B’fhéidir é. An bhfuil Society for the Prevention of Cruelty to Poetry ann? Orthu siúd is ceart glaoch!