2016-04-28

Haiku le Issa ón mbliain 1816

maicín an fhiliméala
ag canadh! ag canadh
atá sé!


倅が鳴ぞあれなくぞ

uguisu no segare ga naku zo are naku zo

Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú. Ní haon iontas go dtosnódh an filiméala óg ag canadh, ar ndóigh; mar sin féin, iontas is ea an uile ní i súile - agus i gcluasa - an mháistir haiku.