2016-06-02

Ceol chun an inchinn a dheisiú?



An oibríonn sé? Duine amháin a d'éist leis an gceol seo, dúirt sé,
 

'Mothaímse ar nós sióige!'

An rud maith é sin? Seans gurb ea!

Bhí an-spéis ag na Bráithre Críostaí sna sióga, is cosúil. Tá an méid seo, creid é nó ná creid, i nGraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí:


 
Uatha Iolra
ain. mol an tsióg aerach álainn mol na sióga aeracha áille
tabh. thar an tsióg aerach álainn thar na sióga aeracha áille
gin. luas na sióige aeraí áille luas na sióg aerach álainn
gair. a shióg aerach álainn a shióga aeracha áille