2016-07-10

An Scríbhneoir agus An tAmhránaí


Ag éisteacht le ceol traidisiúnta na Sicile atáim le cúpla lá anuas, go háirithe leis na hamhránaithe.Cuireann siad a gcroí ar fad sna hamhráin. Is beag a cheileann siad. Labhrann siad amach go dána. Tá rud éigin folláin ag baint leis sin, dar liom. Agus macánta. Tugann siad linn sinn ar a n-aistir áthais is bhróin.

Braithim go bhfuil go leor le foghlaim uathu ag scríbhneoirí ár linne. Scríbhneoirí na linne seo caithfidh siad a bheith indíreach - agus iar-nua-aoiseach. Ní den phobal a thuilleadh iad agus tá an pobal tar éis iad a thréigean. Ní thugann siad linn sinn mar nach ar aistear ceart atá siad sa chéad ait. Cá raghfá ina dteannta? Ní treoraithe iad -  ar strae atá siad féin.

Ar ndóigh, chantaí an fhilíocht fadó. An bhrí atá le 'liric' ná dán a chanfá le tionlacan ar an lir.

Pictiúr de chuid Henry Martin é seo, bean agus lir aici:


Má tá easpa ceoil ag baint leis an gcuid is mó den nuafhilíocht chomhaimseartha, is comhartha é sin go bhfuil comhfhios na bhfilí gan a bheith i dtiúin le ceol na sféar, le gnéithe spioradálta síoraí na beatha. Aigne an linbh, mar a dúirt an Ríordánach. Leanaí! Sea. Is leo ríocht neimhe. Ach caithfidh gach éinne a bheith fásta suas inniu, agus sofaisticiúil.

Éistim le hamhránaithe na Sicile agus deirim liom féin go bhfuil rud éigin acu atá caillte ag na filí, rud éigin barbartha, saonta, primitíbheach, ar shlí, eochair rúnda éigin a osclaíonn ... n'fheadar, eochair an ruda atá doráite!  Mar a deir L. Kramer sa leabhar Music and Poetry: The Nineteenth Century and After (1984) is sa dán mar amhrán a thagaimid cóngarach do na mistéirí arda: 
'through song, usually the song of a disincarnate voice or of a figure touched by divinity, language is represented as broaching the ineffable...'