2017-03-27

Dhá dhán (trí shúile na mban)

null

null

 An Tíogar


Cá bhfuil do mhac? arsa tusa
agus do mheáchan le colún breá mo thíse.
Níl fhios agam i gceart cá bhfuil sé.
An bhroinn a d’iompair é is pluais lom anois í
ina raibh tíogar tráth ag smúrthacht thart.
Téigh á lorg ar pháirc an áir.
 

Kavarpentu, Tamil / Purananuru  86



Páirc an Chatha


Seasann na féitheacha amach ar ghéaga seargtha
spíonta na seanmhná; a bolg chomh cnapánach
le ribe loiteoige. Chaill sé a mhisneach sa chath
is thug a chúl leis. Dúirse dáirse.

Má theith sé is é sa bhearna bhaoil,
ar sí de liú cuthaigh, stróicfidh mé na cíocha seo
a chothaigh é. Claíomh ina glac
b’iúd ag póirseáil í trí pháirc an áir,

Gach re corp gan bhrí
á iompú aici. Nuair a tháinig sí ar a mac
sínte marbh, a chorp ina phíosaí,
dhein níos mo gairdis ná mar dhein an lá a tháinig sé ar an saol.

Kakkaipatiniyar Naccellaiyar, Tamil / Purananuru 278